An difríocht idir athruithe ar: "Iridiam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MastiBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: kk:Иридий
m Bot: el:Ιρίδιο is a featured article
Líne 19: Líne 19:


[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
[[Catagóir:Dúile ceimiceacha]]
{{Nasc AR|el}}


[[af:Iridium]]
[[af:Iridium]]

Leagan ó 12:38, 13 Nollaig 2011

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais

Is é an t-iridiam dúil uimhir a 77 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Ir. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, agus é ar an miotal is fearr a sheasann creimeadh. Ba é Smithson Tennant a d'aithin an chéad uair é, sa bhliain 1803, agus d'ainmnigh sé as Iris, bandia Gréagach an bhogha báistí, é, toisc go raibh dathanna láidire ina lán salann iridiam. Níl sé le fáil sa dúlra ach go tearc, agus ní tháirgtear mórán de, ach baintear sainúsáid as i gcraobhacha áirithe tionsclaíochta.

Miotal bán nó bánbhuí é an t-iridiam - is ar an imir bhuí is fearr a aithníonn súil an duine thar an bplatanam é. Cosúil leis na miotail eile i ngrúpa an phlatanaim, tá an t-iridiam iontach trom - beagnach chomh trom leis an oismiam.

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an iridiam, mar atá, Ir-191 (37.3 % d'iridiam an dúlra) agus Ir-193 (62.7 % d'iridiam an dúlra). Iseatóip chobhsaí iad - níl teacht ar aon raidiseatóp iridiam sa dúlra.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +4. Teimpléad:Nasc AR