An difríocht idir athruithe ar: "TG4"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
→‎Cláir: sraithdhráma grinn C.U. Burn
{{reflist}}
Líne 176: Líne 176:
* [http://www.tg4.ie Suíomh oifigiúil]
* [http://www.tg4.ie Suíomh oifigiúil]
* [http://www.tg4.tv Sruth beo]
* [http://www.tg4.tv Sruth beo]

== Tagairtí ==
{{reflist}}


[[Catagóir:Stáisiúin teilifíse na hÉireann]]
[[Catagóir:Stáisiúin teilifíse na hÉireann]]

Leagan ó 13:22, 29 Samhain 2011

Teimpléad:Comhlacht bosca eolais Is stáisiún teilifíse Éireannach é TG4 atá dírithe ar cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain ar an idirlín. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar Oíche Shamhna 1996 mar Teilifís na GaeilgeTnaG, ach athraíodh an t-ainm go TG4 sa bhliain 1999. Bhí TG4 faoi stiúir RTÉ go dtí gur athraigh sé go corparáid neamhspleách poiblí ar an gcéad lá d'Aibreáin 2007, tar éis don reachtaíocht chaoi chun go dtarlódh sé seo dul tríd i 2001.

Cé go raibh an stáisiún cáinte ag daoine áirithe sna meáin Bhéarla ar dtús (mar shampla - bhaist an t-iriseoir Kevin Myers 'Telefís De Lorean' air, ag déanamh tagart don chomhlacht mí-rathúil De Lorean), tiúnann thart ar 730,000 duine isteach gach lá, ag tabhairt croí-lár de lucht féachana 100,000 duine dó, nó 2-3% den lucht féachana iomláin a bhreathnaíonn ar an teilifís in Éirinn. Mar shampla, bíonn an lucht féachana ardaithe go dtí 180,000 nuair a chraoltar Peil Ghaelach na mBan. I mí Iúil 2007, glacadh TG4 isteach mar bhall nua d'Aontas Craolacháin na hEorpa.

Modh oibre

Is iad na cláir Gaeilge atá ag croí TG4, agus craoltar sé uair den ábhar seo gach lá - mar shampla nuacht, spórt, ceol, cláir faisnéise agus rudaí eile. Chomh maith le sin, taispeántar athchraoltaí de chláir éagsúla agus ansin cláir cáiliúla eile i mBéarla, cosúil leis The O.C., Nip/Tuck agus cláir Meiriceánacha eile.

Ag feidhmiú mar fhoilsitheoir agus mar chraoltóir, caitheann TG4 €20 milliún gach bliain i gcomhair cláir Gaeilge nua ó chomhlachtaí Éireannacha. Tá an sobal dráma Ros na Rún ar cheann de na cláir is rathúla, agus déanann siad cláir faisnéise chomh maith.

Ar an 1 Aibreán 2007, rinneadh corparáid neamhspleách de Teilifís na Gaeilge, agus bhí Peter Quinn, iar-Uachtarán an CLG, ar an gcéad Cathaoirleach air. I measc na daoine eile a ceapadh ar an údarás ná Joe Connolly, Padraig MacDonnacha, Eilís Ní Chonghaile, Méabh Mhic Ghairbheith, Méadhbh Nic an Airchinnigh, Bríd Ní Neachtáin, Feargal Ó Sé agus Regina Culliton.

Tá an chuid is mó de cláir an stáisiúin ar fáil le fotheidil as Béarla.

Buiséad

Cláracha coimisiúnaithe de réir aicme i 2006:-

Aicme Buiséad Uaireanta
Ros na Rún €3,446,000 36
Faisnéis €1,924,000 60
Spórt €3,828,000 283
Drámaíocht €2,418,000 25
Ceol €1,378,000 63
Siamsaíocht €1,391,000 60
Taisteal €267,000 4
Stiúideo €438,000 66
Iomlán €15,469,000 597

Cláir

Nuair a bunaíodh TG4 i dtús báire, ní bhíodh a lán cláir ar siúl, tháinig deireadh luath leis an gcraoladh gach aon lá agus bhíodh a lán cláracha Béarla ann freisin. Ó shin, tá sé tar éis dul ó neart go neart, ag mealladh lucht féachana mar thoradh ar a chláir ghairmeacha. Ar dtús ní raibh a lán airgid faoi réir acu agus bhí sé faoi smacht ag RTÉ.

Bhuaigh an sraithdhráma grinn C.U. Burn “Spiorad na Féile”, An Fhéile Idirnáisiúnta Cheilteach Scannán & Teilfíse I 1997. D'údaraigh Teilifís na Gaeilge do Lios na Sí Teo [1]. Sraithchlár sé mhír a sholáthar i dtosach báire, Ach bhí glactha chomh maith sin leis an tsraith go raibh beartaithe ag Lios na Sí sraith eile a dhéanamh. Mar sin, bhí 16 cláir craolta i 1996 agus i 1997. Sa bhliain 1999, athsheoladh an stáisiún faoin teideal TG4 (Telefís Gaeilge 4) faoi údarás TeleGael, cumann eile faoi stiúir ag RTÉ. Ó shin i leith, tugann RTÉ buiséad do TG4 chun caitheadh mar a thagair siad. Thosaigh siad ag craoladh níos mó cláracha dírithe ar daoine fásta, ag seoladh Séideán Staire agus Ardán.

Chomh maith le sin, tá TG4 i ndiaidh cur lena chuid craoltóireachta agus raon dá chláracha a leathnú. Mar shampla, cuireadh an tsraith taisteal Amú, le Hector Ó hEochagáin i láthair. Rinne an clár seo réalta mór de Ó hEochagáin agus d'éirigh le TG4 a lucht féachana a leathnú maille leis sin. Anois, is cosúil go bhfuil TG4 ina lánrith, le príomhchláir den chéad scoth agus ainmneacha iomráiteacha ag baint leis an staisiún.

Tá an teist tuilte ag TG4 gur stáisiún é a chruthaíonn cláir nuálacha, scannánaíocht, ealaín, dráma, cláir faisnéise agus spóirt. Mar shampla, chraol TG4 na cláir choitianta Mheiriceánacha Nip/Tuck, Carnivàle, Gossip Girl, The Wire, America's Next Top Model, The O.C., One Tree Hill, Lipstick Jungle, Everwood, Survivor, Invasion agus Curb Your Enthusiasm sula raibh siad le feiceáil sa Ríocht Aontaithe agus tíortha eile. Chomh maith le sin, thaispeáin TG4 an comórtas leadóige Wimbledon agus an rás Tour de France beo ar an aer. Tugann TG4 aird do cluichí Éireannacha chomh maith, ar nós na cluichí peil Ghaelach agus iománaíocht, mar shampla na sraitheanna náisiúnta agus comórtas na gclubanna. Níl na héachtaí seo in ann lucht féachana ábhalmhór a bhaint amach, ach ní fhéadfaí a rá gur mó atá TG4 is lucht na Gaeilge siar ná aniar leis na hiarrachaí seo, toisc go bhfuil léantóirí rialta díbhirceach fós i ndíograis leis an tseirbhís in alt na huaire seo. Craoltar scannáin mhóra-le-rá freisin, mar shampla scannáin buachaillí bó, i dteangacha eile, go háirithe as Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis.

Ó thaobh cláir shiamsaíochta de, tá an seó cainte Ardán agus an clár faiseain Paisean Faisean ar an bhfód. Ar an 31 Deireadh Fómhair 2006, craoladh an chéad eipeasóid den chlár Aifric, clár grinn/dráma atá dírithe ar dhéagóirí. Ag freastal ar daoine níos sine agus na gnothaí céanna sa treis aige, tá an clár nua Seacht a leanann na saolta seachtar mac léinn i mBéal Feirste. Ar an 24 Meán Fómhair 2007, thosaigh TG4 ag taispeáint an chláir bheochana South Park as Gaeilge. Ní taise do Sesame Street é, a chraoltar faoin ainm Tar ag Spraoi Sesame.

Chuaigh leis an stáisiún méid réimí go leor réaltaí a sheoladh in Éirinn, cuir i gcás, na deirfiúracha Seoige, Gráinne agus Síle, agus Hector Ó hEochagháin.

Ar na cúiseanna uilig á lua, tá TG4 tar éis teacht chuige féin mar acmhainn cruthanta a mbíonn ag freastal ar chúraimí na Gaeilge is na nGaeilgeoirí.

Cuireann TG4 sruth beo ó Dháil Éireann dhá lá sa tseachtain. Tá clár nuachta laethúil den chéad scoth go deo chomh maith, Nuacht TG4 agus an clár Timpeall na Tíre (bailiúchán de na scéalta móra ar bhonn seachtanúil) agus 7 Lá (díospóireacht ar cúrsaí reatha). Is iad na cláracha fáisnéise seo i dtaca le cúrsaí reatha a bhfuil ard-chaighdeán labhartha na Gaeilge acu, agus go deimhin tá dul faoi leith acu maise a chur ar do chuid Gaeilge go gasta, má chuireann tú cos as breathnú orthu go rialta.

Tá seirbhís theilithéacs ag TG4, ar a tugtar Téacs TG4. I mí an Mheithimh na bliana 2006, thosaigh siad ag craoladh cláir go beo ar an suíomh idirlín tg4.tv.


Tuaisceart Éireann

Mar pháirt de Chomhaontú Aoine an Chéasta sa bhliain 1998, cuireadh TG4 (nó TnG mar a bhí sé) ar fáil i dTuaisceart Éireann. Sa bhliain 2005, thosaigh sé ag craoladh go hoifigiúil ón tarchuradóir úd Divis gar do Bhéal Feirste.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

  1. Saol, Imleabhar 10 * Uimhir 1 * Eanáir 1997