An difríocht idir athruithe ar: "Ichiyō Higuchi"
Colin Ryan (plé | dréachtaí) No edit summary |
mNo edit summary |
||
Líne 24: | Líne 24: | ||
== Naisc == |
== Naisc == |
||
* [[Litríocht na Seapáine]] |
* [[Litríocht na Seapáine]] |
||
[[de:Higuchi Ichiyō]] |
|||
[[fr:Ichiyō Higuchi]] |
|||
[[ko:히구치 이치요]] |
|||
[[id:Ichiyō Higuchi]] |
|||
[[it:Ichiyō Higuchi]] |
|||
[[ka:ჰიგუტი იტიიო]] |
|||
[[hu:Higucsi Icsijó]] |
|||
[[ja:樋口一葉]] |
|||
[[pl:Ichiyō Higuchi]] |
|||
[[ro:Ichiyō Higuchi]] |
|||
[[ru:Хигути, Итиё]] |
|||
[[zh:樋口一葉]] |
Leagan ó 11:27, 29 Samhain 2011
Údar Seapánach ba ea Ichiyō Higuchi (樋口 一葉 Higuchi Ichiyō) (2 Bealtaine 1872 - 23 Samhain 1896), bean a baisteadh mar Natsu Higuchi (樋口 奈津 Higuchi Natsu) agus a dtugtar Natsuko Higuchi (樋口 夏子 Higuchi Natsuko) uirthi freisin.
Ba de shliocht samúraíoch í Higuchi, agus rugadh í sa ré Meiji i dTóiceo. Bhí sí siúlach agus d'aistrigh sí ó theach go teach dhá uair déag. I gceann a ceithre bliana déag chuaigh sí ar an Haginoya, scoil filíochta, ach nuair a bhí sí cúig bliana déag cailleadh a deartháir agus chlis gnó a athar. Is gearr go bhfuair sé bás, rud a d'fhág Higuchi mar cheann an teaghlaigh in aois a seacht mbliana déag.
Tháinig sí féin, a máthair agus an deirfiúr ab óige aici i dtír le níochán, le fuáil agus le hobair eile den saghas sin. Nuair a chonaic sí cé chomh maith is a d'éirigh le Yabu no uguisu ("Éin Cheoil sa Gharrán," 1888), úrscéal le Kaho Tanabe (田辺花圃 - Tanabe Kaho 1868-1943), seanpháirtí scoile, shocraigh sí ar dhul le scríbhneoireacht chun a teaghlach a cothú.
Tháinig an chéad úrscéal ó lámh Higuchi in aois a fiche bliain agus é scríofa faoin ainm Ichiyō. Sa bhliain 1894 foilsíodh Ōtsugomori (大つごもり - "Oíche Chinn Bhliana"), an chéad mhórshaothar aici, agus lean scéalta eile é a fuair ardmholadh ó gháthléitheoirí agus ó léirmheastóirí araon: Takekurabe, Nigorie (にごりえ - "Cúrsaí Corracha") agus Jūsan'ya (十三夜|| - "An Tríú hOíche Dhéag").
Sa bhliain 1896 fuair sí bás le heitinn, galar a tholg sí tamaillin roimhe sin. Níor phós sí riamh, cé go bhfuair sí tairiscint agus í fiche bliain d'aois.
Tá ardmheas fós ar a saothar, agus áirítear í mar an gcéad bhanscríbhneoir proifisiúnta nua-aoiseach sa tSeapáin.
Liosta leabhar
- Robert Lyons Danly. A study of Higuchi Ichiyō. Yale University, 1980.
- Robert Lyons Danly. In the Shade of Spring Leaves: The Life and Writings of Higuchi Ichiyō. New Haven: Yale University Press, 1981.
- Yukiko Tanaka. Women writers of Meiji and Taishō Japan: their lives, works and critical reception, 1868-1926. McFarland, 2000.
Naisc sheachtracha
- [http://www.aozora.gr.jp/index_pages/person64.html#sakuhin_list_1 Ríomhthéacsanna de scéalta le Higuchi Ichiyō ag Aozora bunko
- Uaigh Higuchi Ichiyō