An difríocht idir athruithe ar: "Miotal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Rezabot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: lmo:Metal
ZéroBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ks:دھات
Líne 58: Líne 58:
[[kn:ಲೋಹ]]
[[kn:ಲೋಹ]]
[[ko:금속]]
[[ko:금속]]
[[ks:دھات]]
[[ku:Lajwerd]]
[[ku:Lajwerd]]
[[kv:Кӧртулов]]
[[kv:Кӧртулов]]

Leagan ó 10:33, 10 Samhain 2011

Miotal te.

Is éard is miotal ann ná dúil cheimiceach a bhfuil de chlaonadh inti a cuid fiúsleictreon a thabhairt uaithi, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ian deimhneach. I gcriostal an mhiotail féin, bíonn na fiúsleictreoin ag dul timpeall idir na hiain seo. D'fhéadfá a rá go bhfuil na hiain mhiotail ar snámh i bhfarraige na bhfiúsleictreon. Deirtear go bhfuil an criostal miotail á choinneáil le chéile ag nasc miotalach. Cuireann an nasc miotalach ar chumas na bhfiúsleictreon gluaiseacht go sciobtha ó cheann ceann an chriostail. Mar sin, bíonn na miotail ina seoltóirí maithe leictreachais agus teasa.