An difríocht idir athruithe ar: "Compás"
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: zh-yue:指南針 |
Luckas-bot (plé | dréachtaí) m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fo:Kumpass |
||
Líne 65: | Líne 65: | ||
[[fa:قطبنما]] |
[[fa:قطبنما]] |
||
[[fi:Kompassi]] |
[[fi:Kompassi]] |
||
[[fo:Kumpass]] |
|||
[[fr:Boussole]] |
[[fr:Boussole]] |
||
[[gan:羅盤]] |
[[gan:羅盤]] |
Leagan ó 14:56, 9 Samhain 2011
Is éard is compás nó compás mairnéalaigh ann ná gléas a úsáidtear leis na ceithre hairde a aithint thar a chéile agus leis an treoir cheart a aimsiú. Tá snáthaid mhaighnéadach ann agus í á casadh de réir mar a luíonn línte an réimse mhaighnéadaigh timpeall an Domhain. Taobh thiar den tsnáthaid, tá aghaidh an chompáis, agus airde an chompáis péinteáilte nó priontáilte uirthi i bhfoirm a chuirfeadh bláth i gcuimhne duit, agus a dtugtar rós an chompáis uirthi. Nuair a luíonn leath thuaidh na snáthaide le tuaisceart an róis, is féidir na hairde eile a aithint ar an rós.
Airde an Chompáis as Gaeilge
Is iad an tuaisceart, an deisceart, an t-iarthar agus an t-oirthear príomhairde an chompáis, ach aithnítear airde eile eatarthu. Is iad airde an chompáis as Gaeilge ná:
- ó thuaidh
- ó thuaidh lámh thoir
- ó thuaidh soir ó thuaidh
- soir ó thuaidh lámh thuaidh
- soir ó thuaidh
- soir ó thuaidh lámh thoir
- soir soir ó thuaidh
- soir lámh thuaidh
- soir
- soir lámh theas
- soir soir ó dheas
- soir ó dheas lámh thoir
- soir ó dheas
- soir ó dheas lámh theas
- ó dheas soir ó dheas
- ó dheas lámh thoir
- ó dheas
- ó dheas lámh thiar
- ó dheas siar ó dheas
- siar ó dheas lámh theas
- siar ó dheas
- siar ó dheas lámh thiar
- siar siar ó dheas
- siar lámh theas
- siar
- siar lámh thuaidh
- siar siar ó thuaidh
- siar ó thuaidh lámh thiar
- siar ó thuaidh
- siar ó thuaidh lámh thuaidh
- ó thuaidh siar ó thuaidh
- ó thuaidh lámh thuaidh
- ó thuaidh.
In áiteanna, go háirithe i nGaeilge na Mumhan, is féidir "pointe" a chloisteáil in áit "lámh". Seasann an dá fhocal seo do by an Bhéarla (siar ó thuaidh lámh thiar = nortwest by west).
Na hairde a thugtar thuas, tugtar san fhoirm iad a bheadh á húsáid ar bhord an bháid atá ag dul i dtreo áirithe. An breathnóir a d'fheicfeadh an bád chuige ó threo áirithe, bheadh córas eile in úsáid aige as Gaeilge. An bád atá ag seoladh ó thuaidh - i dtreo an tuaiscirt - is féidir linn a rá freisin go bhfuil sí ag seoladh aneas - ó threo an deiscirt. Cosúil leis sin, deirtear go bhfuil an bád atá ag teacht ó threo an iarthair, go bhfuil sí ag teacht aniar, an bád atá ag teacht ó threo an oirthir go bhfuil sí ag teacht anoir, agus an bád atá ag teacht ó threo an tuaiscirt go bhfuil sí ag teacht aduaidh.