An difríocht idir athruithe ar: "Gaspard-Gustave Coriolis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Amirobot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:گوستاو کوریولیس
Líne 37: Líne 37:
[[es:Gaspard Coriolis]]
[[es:Gaspard Coriolis]]
[[eu:Gaspard-Gustav Coriolis]]
[[eu:Gaspard-Gustav Coriolis]]
[[fa:گوستاو کوریولیس]]
[[fr:Gaspard-Gustave Coriolis]]
[[fr:Gaspard-Gustave Coriolis]]
[[he:גספאר גוסטב קוריוליס]]
[[he:גספאר גוסטב קוריוליס]]

Leagan ó 00:38, 9 Samhain 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Eolaí

Eolaí, innealtóir meicniúil agus matamaiticeoir Francach ba ea Gaspard-Gustave de CoriolisGustave Coriolis (21 Bealtaine, 179219 Meán Fómhair, 1843). Tá clú air toisc an obair a rinne sé i leith fórsaí forlíontaigh a aimsítear i bhfráma tagartha rothlach, agus glaodh an fórsa áirithe, Iarmhairt Coriolis ina dhiaidh. Ba é Coriolis an chéad duine leis an téarma "obair" a úsáid le cur síos a dhéanamh ar aistriú fuinneamh thar fad áirithe.

Rugadh é i bPáras sa bhliain 1792. Sa bhliain 1816 bhí sé mar teagascóir ag an École Polytechnique. Rinne sé turgnaimh ansin ar frithchuimilt agus hiodrálaic. Sa bhliain 1829 d'fhoilsigh sé an leabhar, Calcul de l'Effet des Machines ("Áireamh ar Éifeacht na meaisíní"), ag déanamh cur síos ar an tslí gur féidir le earnáil na tionsclaíochta úsáid éifeachtach a fháil ó na meaisíní. I rith an tréimhse seo bhí an slonn, ½mv2, á úsáid níos mó agus glacadh leis an nasc idir é agus obair mheicniúil.

Rinne Coriolis a lán oibre sna blianta seo ar na smaointe seo faoi fuinneamh cinéiteach a chuir i bhfeidhm le córais rothlaigh. . Scríobh sé páipéir sa bhliain 1835, Sur les équations du mouvement relatif des systèmes de corps ("Na cothromóidí gluaisne choibhneasta de córas corp"). Chuir an saothar seo síos ar ar aistriú fuinneamh i córais rothlaigh mar rotha-uisce. Rinne sé plé ar na fórsaí forlíontaigh a aimsítear i bhfráma tagartha rothlach agus roinn sé na fórsaí seo i ndá grúpaí. Is é Iarmhairt Coriolis an dara catagóir. Sa bhliain 1835 d'fhoilsigh sé saothar matamaiticiúil ar imbhualadh sféar: Théorie Mathématique des Effets du Jeu de Billard.

Bhí Coriolis mar ollamh le meicnic ag an École Centrale des Arts et Manufactures sa bhliain 1829. Fuair sé bás sa bhliain 1843 ag aois 51 i bPáras.