An difríocht idir athruithe ar: "An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 126: Líne 126:


===Na Meáin Chlóite===
===Na Meáin Chlóite===
Tá dhá phríomhnuachtan mac léinn sa choláiste. Is nuachtan mórbhileoige é an [[University Observer]] a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtan tablóide é an [[College Tribune]] a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.
Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an [[University Observer]] a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtan tablóide é an [[College Tribune]] a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.


===Raidió===
===Raidió===

Leagan ó 19:58, 8 Samhain 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Ollscoile

Ollscoil Éireannach is ea An Coláiste Ollscoile, Baile Átha CliathCOBÁC (Béarla: University College Dublin (UCD)), (nó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath mar a ghlaoitear uirthi go minic), atá suite i mBelfield i ndeisceart na príomhchathrach, Baile Átha Cliath. Is an ollscoil is mó in Éirinn í le breis agus 20,000 mac léinn cláraithe inti. Is comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann í. B'í an chéad ollscoil Chaitliceach in Éirinn.

Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis

Tá cúrsaí ollscoile a bhaineann le heolaíochtaí an duine lonnaithe in Ionad na nEolaíochtaí Sláinte (Foirgneamh na n-Eolaíochtaí Sláinte chomh maith) ar champas Belfield. B'é scoil an leighis agus na hinnealtóireachta an dá dháimh dheirneacha a bhog amach ó Ardán Phort an Iarla go Belfield.

Tá Scoil an Leighis nasctha le hOspidéal Ollscoile Naomh Uinseann agus é mar phríomh-ospidéal oiliúna acu.

Foirgnimh san Ollscoil agus cinn atá nasctha léi

Cumainn agus Meáin na Mac Léinn

An Cumann Liteartha agus Stairiúil

Is é an Cumann Liteartha agus Stairiúil an cumann díospóireachta is mó ar an gColáiste agus ceann de na cinn is mó, is sine agus is aitheanta sa tír ar fad chomh maith. Cuireann an cumann díospóireachtaí agus comórtais rialta ar siúl.

An Cumann Gaelach (COBÁC)

Is cumann mór mac léinn é an Cumann Gaelach a eagraíonn réimse leathan imeachtaí gach bliain. Le tamall de bhlianta anuas bhí os cionn 1,000 ball ag an gCumann. Sa bhliain 2011 bhí os cionn 2,000 ball acu.

Na Meáin Chlóite

Tá dhá phríomhnuachtán mac léinn sa choláiste. Is nuachtán mórbhileoige é an University Observer a fhoilsítear gach coicís. Is nuachtan tablóide é an College Tribune a bhunaigh an t-iriseoir Vincent Browne.

Raidió

Is stáisiún raidió mac léinn é Belfield FM a chraolann as An Coláiste Ollscoile, ar líne agus ar FM ar feadh tréimhsí áirithe gach bliain.


Naisc Sheachtracha