An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: ps:بوتان
JhsBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.2+) (róbat ag baint: ks:भूटान
Líne 159: Líne 159:
[[kn:ಭೂತಾನ್]]
[[kn:ಭೂತಾನ್]]
[[ko:부탄]]
[[ko:부탄]]
[[ks:भूटान]]
[[ku:Bûtan (dewlet)]]
[[ku:Bûtan (dewlet)]]
[[kv:Бутан]]
[[kv:Бутан]]

Leagan ó 03:54, 8 Samhain 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Tíre Is tír thalamhiata í Ríocht na Bútáine san Áise Theas, atá suite ag an taobh thoir de na Himiléithe. Tá an Poblacht na hIndia teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá an tSín teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine Druk Yul (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Toirneach an Dragúin".

Bhíodh an Bhútáin ar cheann des na tíortha ba iargúlta ar domhan ach de réir a chéile, le teacht forbairtí cosúil leis an aerthaisteal idirnáisiúnta, an Idirlíon, eangaigh fón póca agus teilifís chábla, tháinig cruth na haimsire seo ar cheanntracha uirbeacha na tíre. Ag an am gcéanna, deineadh iarracht gan cultúr ársa agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, agus ionas go mbeadh cothromaíocht ann idir an fhorbairt agus an caomhnú, d'fhorbair an rialtas a fhealsúnacht féin ar tugadh "OllSonas Náisiúnta" nó sa Bhéarla "Gross National Happiness" uirthi. D'éirigh leo ollscriosadh na timpeallachta a sheachaint agus cuirtear béim faoi leith ar chaomhnú cultúr, céannacht agus timpeallacht na tíre. Tuairiscíodh san iris Newsweek sa bhliain 2006 gurbh iad na daoine ba shonasaí ar domhain iad na Bútánaigh. Sin de réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain céanna agus gur tugadh "World Map of Happiness" air.

Síneann tírdhreacht na Bútáine ó mhánna fothrópaiceacha sa deisceart go dtí arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit go n-éirionn cuid des na beanna ós cionn 7,000 méadar (23,000 troigh). Is é an Búdachas Vajrayana, reiligiún an stáit, agus is Búdaithe iad formhór den daonra de 691,141. Is í an Hiondúchas an tarna reiligiún is mó sa tír. Is í Thimphu príomhchathair na tíre agus an chathair is mó sa tír chomh maith. Tar éis na céadta bliain faoi stiúir monarcachta absalóidí vótáil muintir na tíre sa chéad toghchán daonlathach i mí Márta 2008. Tá an Bhútáin mar bhall de na Náisiúin Aontaithe agus SAARC i measc cumann idirnáisiúnta eile. 38,394 ciliméadar cearnaithe (nó 14,824 míle cearnaithe) limistéar na tíre ar fad.

Ainm

De réir teoirice amháin, tagann ainm na tíre ón bhfocal Sanscrait "Bhu-Utthan" (भू-उत्थान; garbhchríoch). De réir teoirice eile, tagann sé ó "Bhoṭa-anta" (भोट-अन्त) a chiallaíonn, "ag ceann na Tibéide" ós rud é go bhfuil an Bhútáin suite díreach ó dheas ón Tibéid.

Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha éagsúla ar an mBútáin, cosúil le "Lho Mon" (talamh theas an dorchadais), Lho Tsendenjong (talamh theas na cufróige), "Lhomen Khazhi" (talamh theas na gceithre rochtain) agus "Lho Men Jong" (talamh theas na luibheanna míochaine).

Staire

Tá fiannaise ann ó a leithéid d'uirlisí clocha, d'airm, de chnámha eilifintí agus d'iarsmaí de struchtúir déanta de chlocha móra gur lonnaigh daoine sa Bhútáin chomh luath le 2000 R.C., cé nach maireann aon taifid scríofa ón ré sin.

Níl mórán eolais againn maidir le luath-stair na Bútáine ach an oiread ós rud é gur milleadh an chuid is mó de na taifid scríofa a bhain léi i dtine mhór sa phríomhchathair Punakka sa bhliain 1827.[1] 'S é turas an Bhudaí naofa, Padma Sambhava, sa bhliain 747, an eachtra is luaithe sa Bhútáin go bhfuil trácht againn air.[2]

Faoin 10ú aoise, bhí dlúthcheangail idir forbairtí polaitíochta na tíre agus an reiligiún. D'eascair fosheicteanna Búdaíocha faoi choimirce thaoiseach éagsúla Mhongólacha. Tar éis imeacht na Mongólach san 14ú haoise, chuaigh na fosheicteanna in iomaíocht lena chéile agus faoin 16ú aois, ba iad na Drukpa, ceann des na fosheicteanna seo, a chuaigh i gcinsealacht.

Chomhaontaigh an láma Tibéideach agus ceannaire airm Shabdrung Ngawang Namgyal limistéar na Bútáine san 17ú haois. Bhí sé féin ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Chun na tíre a chosaint ó ionsaithe ón Tibéid, Thóg Namgyal sraith dzong (nó dúnfort) láidir agus agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smacht a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith des na dzong fós le feiscint agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do ceantair éagsúla.

Timpeall na bliana 1627, ba iad Estêvão Cacella, an tÍosánach Portaingéalach agus sagart eile na chéad Eorpaigh atá ar taifead a tháinig chun na Bútáine agus iad ar a slí chun na Tibéide. Bhuaileadar le Ngawang Namgyal. Bhronnadar airm, púdar agus teileascóp air agus thairgeadar fónamh a dhéanamh dó in aghaidh na dTibéideach, rud a dhiúltaigh sé.

Tar éis báis Namgyal sa bhliain 1651, bhí sraith cogaí siabhialta sa Bhútáin. Agus an tír ina cíor thuathail, d'ionsaigh an Tibéid sa bhliain 1710 agus arís sa bhliain 1730. Thug na Mongólaigh cabhair dóibh. Theip ar a gcuid ionsaithe áfach, agus bhí sos cogaidh ann sa bhliain 1759.

San 18ú haois, d'ionsaigh na Bútánaigh agus ghabhadar seilbh ar ríocht Cooch Behar a bhí suite ó dheas. D'fhiafraigh ceannairí Cooch Behar cabhair ón mBritish East India Company agus ruaigeadar na Bútánaigh amach as an tír sarar ionsaíodar An Bhútáin féin sa bhlian 1774. Síníodh conradh síochána inar aontaigh na Bútánaigh le glacadh le seanteorainn na tíre a bhí ann roimh an bhliain 1730. Níor bhuan an tsíocháin áfach agus lean mionchogaí ar an teorainn idir na Bútánaigh agus na Briotánaigh ar feadh céad bliana eile. Sa bhliain 1864, thosaigh an Cogadh Duar (1864-1865) idir an dá thaobh. Chaill na Bútáinaigh agus síníodh an Conradh Sinchula. Mar chúiteamh, thugadar uathu na Duars don Ríocht Aontaithe. Tháinig deireadh buan leis an gcogaíocht eatarthu.

Go mór mhór mar thoradh ar choimhlintí cumhachta idir na gleannta Paro agus Tongsa sna 1870í, thosaigh cogadh siabhialta agus chuaigh Ugyen Wangchuck, ponlop (gobharnóir) Tongsa i gcinsealacht sa Bhútáin. Bhuaigh sé ar a chuid naimhde agus chomhaontaigh sé an tír i ndiaidh sraithe cogaí siabhialta agus catha idir na blianta 1882 go dtí 1885.

Sa bhliain 1907, thionól na príomhmhanaigh Bhúdaíocha, oifigí an rialtais, agus ceannairí na dteaghlach ba thábhachtaí le chéile agus roghnaigh siad, d'aon ghuth, Ugyen Wangchuck mar rí oidhreachtúil na tíre. D'aithnigh rialtas na Breataine an rí nua go baill láithreach agus sa bhliain 1910, síníodh conradh idir an dá thír a thug cead don Bhreatain Mhór gnóthaí eachtracha na Bútáine a threorú.

Bhí an Bhútáin ar cheann des na chéad tíortha a d'aithnigh neamhspleáchas na hIndia nuair a fógraíodh é i Lúnasa 1947. Síníodh conradh idir an dá thír ar an 8ú Lúnasa 1849 a thug na cumhachtaí céanna i dtaobh gnóthaí eachtracha don India is a tugadh don Bhreatain sa bhliain 1910.

Tagairtí

Teimpléad:Nasc AR