An difríocht idir athruithe ar: "Adamh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
HRoestBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.5) (róbat ag suimiú: ie:Atom
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: ie:Atom (deleted)
Líne 70: Líne 70:
[[ia:Atomo]]
[[ia:Atomo]]
[[id:Atom]]
[[id:Atom]]
[[ie:Atom]]
[[io:Atomo]]
[[io:Atomo]]
[[is:Frumeind]]
[[is:Frumeind]]

Leagan ó 22:09, 6 Samhain 2011

Léaráid a léiríonn adamh Héiliam

Is é an t-adamh (Gréigis άτομον ó ά: do- nó neamh- agus τομον: roinnte) an t-aonad bunúsach a bhionn ag gach dúil cheimiceach. Is as adaimh atá an damhna uile déanta. Is é an ciall atá leis an bhfocal ná rud nach féidir a ghearradh síos níos lú, tá adaimh comhdhéanta de 3 chaithnín fo-adamhacha:

  • leictreoin, le lucht diúltach, méid atá chomh beag nach féidir é a thomhas agus an mais is lú den trí chaithnín;
  • prótóin, le lucht dearfach agus atá mais de thart ar 1836 uair níos mó ná leictreoin; agus
  • neodróin, nach bhfuil lucht ar bith acu agus atá thart ar an méid céanna le prótóin

Bíonn na prótóin agus na neodróin bailithe le chéile go dlúth sa núicleas adamhach agus rothlaíonn na leictreoin mórthimpeall air seo sa néal leictreoin.

Aithnítear cineálach éagsúla adaimh óna céile de réir an líon caithníní fo-adamhacha a bhíonn acu. Bíonn an líon céanna prótón ag adaimh den dúil cheimiceach chéanna. Tugtar an uimhir adamhach den dúil ar an uimhir seo. Is féidir líon neodrón éagsúil a bheith ag an dúil céanna, rud a aithníonn iseatóp na dúile sin. Is féidir líon na leictreon a bhíonn ag adamh a athrú níos éasca ná na fo-chaithníní eile mar nach mbíonn an oiread fuinnimh chéanna ag teastáil leis na leictreoin a cheangal leis an adamh.

Úsáidtear an t-aonad maise adamhaí aontaithe (AMAA) le cur síos a dhéanamh ar na cáithníní bídeacha seo. De réir an scála seo, is ionann mais prótóin nó neodróin amháin agus aonad amháin AMAA. Níl ach 1/1850 AMAA ag an leictreon.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR