An difríocht idir athruithe ar: "Teangacha Khoisan"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: hi:खोईसान भाषाएँ
Amirobot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:زبان‌های خویسان
Líne 27: Líne 27:
[[eo:Kojsanaj lingvaroj]]
[[eo:Kojsanaj lingvaroj]]
[[es:Lenguas joisanas]]
[[es:Lenguas joisanas]]
[[fa:زبان‌های خویسان]]
[[fr:Langues khoïsan]]
[[fr:Langues khoïsan]]
[[fy:Koisan talen]]
[[fy:Koisan talen]]

Leagan ó 13:00, 5 Samhain 2011

Teangacha Khoisan (buí)

Is iad na teangacha Khoisan an fhine teangacha is lú san Afraic. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn muintir an fhásaigh Kalahari in iardheisceart na hAfraice iad, chomh maith le pobail bheaga sa Tansáin. Is í an teanga Khoisan is mó a labhraítear ná an teanga Nama, atá ó dhúchas ag 250,000 duine, agus is í an teanga Sandawe sa Tansáin an dara teanga is fairsinge, agus í á labhairt ag 40,000 cainteoir. An chuid is mó de na teangacha seo, is teangacha neamhfhorleathana iad atá ag saothrú an bháis cheana féin, agus cuid mhór acu níltear á saothrú mar theangacha scríofa. Aicmitear na teangacha Hadza agus Sandawe sa Tansáin san fhine seo, ach le fírinne, tá craobhacha na fine seo an-difriúil le chéile, agus tá roinnt teangeolaithe barúlach nach bhfuil san fhine teangacha seo ach hipitéis nach bhfuil cruthaithe go fóill.

Is iad na smeach-chonsain a thuill a gclú do na teangacha Khoisan i measc na dteangeolaithe. Sa teanga Ju/'hoan, tá thart ar 30 smeach-chonsan agus 90 fóinéim éagsúla go léir, ina measc gutaí faraingeacha, gutaí sárfharaingeacha agus 4 thon. Tá na teangacha !Xóõ agus ‡Hõã chomh casta céanna.

Ní úsáideann ach dornán beag teangacha na smeach-chonsain mar fhóinéimí. Tá cupla teanga Bhantúch i ndeisceart na hAfraice, go háirithe an teanga Xhosa, an tSúlúis agus an teanga Sesotho tar éis na smeachanna a fháil ar iasacht ó na teangacha Khoisan. Thairis sin, tá siad le cloisteáil sa teanga Dahalo sa Chéinia, teanga a bhaineann leis an ngrúpa Cúisiteach agus sa teanga Damin san Astráil, teanga mharbh nach mbaintí úsáid aisti ach i searmanais áirithe. Is í an teanga Damin an t-aon teanga amháin taobh amuigh den Afraic a bhfuil na smeachanna in úsáid inti.

Go ginearálta, is teangacha scoite iad na teangacha Khoisan. Mar sin, bíonn ordú, dul agus comhréir na bhfocal níos tábhachtaí ná an t-infhilleadh. Sna teangacha Khoisan a labhraítear sa Tansáin, áfach, bíonn iarmhíreanna gramadúla sách coitianta.

Naisc Sheachtracha