An difríocht idir athruithe ar: "An Phortaingéilis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: kv:Португал кыв
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: nso:Sepotokisi
Líne 144: Líne 144:
[[no:Portugisisk]]
[[no:Portugisisk]]
[[nrm:Portûndgais]]
[[nrm:Portûndgais]]
[[nso:Sepotokisi]]
[[oc:Portugués]]
[[oc:Portugués]]
[[os:Португайлаг æвзаг]]
[[os:Португайлаг æвзаг]]

Leagan ó 20:59, 2 Samhain 2011

Teimpléad:Teanga

Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 7 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain. Labhraíonn timpeall is 200 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.

Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.

Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis. Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.

Stór focal

Fuair an Phortaingéilis an chuid is mó dá stór focal ón Laidin, ar ndóigh, ach thairis sin, tá focal Araibise, Bascaise, Ceilteacha agus Gearmáinice (ó na Viseagotaigh) ann. Ar ndóigh, cloistear a lán focal ó na teangacha bundúchasacha sa Bhrasaíl. Bhí an-trádáil ag na Portaingéalaigh sa Chian-Oirthear, tráth, agus ba ansin a d'fhoghlaim siad an focal Sínise chá, tae. (Le fírinne, is ionann chá agus "tae" mar fhocail, ach tháinig siad ó chanúintí difriúla Sínise.) Sa Bhrasaíl, bhí an teanga bhundúchasach Nheengatulingua geral ("teanga ghinearálta") á labhairt go coitianta faoin tuath, fiú ag sliocht na nEorpach, agus is iomaí focal a tháinig ón teanga sin, go háirithe ainmneacha na n-ainmhithe, na n-éan agus na bplandaí. (Inniu, ní chloisfeá an lingua geral ach i gcorr-áit sa Bhrasaíl. Teanga Tupi-Guaraní í a bhfuil gaol aici le Guaráinis Pharagua.)

Gramadach

Is é an briathar an chuid is deacra de ghramadach na Portaingéilise, mar is dual do theanga Rómánsach.