An difríocht idir athruithe ar: "Titimeas"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Spike-waves.png|thumb|right|250px|EEG tipiciúil an titimis neamhláithreachta]]Is é rud '''titimeas''' (seantéarma eile i nGaeilge: ''tinneas beannaithe'', i m[[Béarla]] ''epilepsy'' as [[Sean-Ghréagis]] ἐπίληψις "an ionsaí") ná galar ainsealach [[Néareolaíocht|néareolaíoch]].
[[Íomhá:Spike-waves.png|thumb|right|250px|EEG tipiciúil an titimis neamhláithreachta]]Is galar ainsealach [[Néareolaíocht|néareolaíoch]] é '''titimeas''' (seantéarma eile i n[[Gaeilge]]: ''tinneas beannaithe'', i m[[Béarla]] ''epilepsy'' as [[Sean-Ghréagis]] ἐπίληψις "an t-ionsaí").
Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na [[inchinn|hinchinne]]. Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis).
Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na [[inchinn|hinchinne]]. Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis).
Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.
Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.

Leagan ó 11:34, 10 Deireadh Fómhair 2011

EEG tipiciúil an titimis neamhláithreachta

Is galar ainsealach néareolaíoch é titimeas (seantéarma eile i nGaeilge: tinneas beannaithe, i mBéarla epilepsy as Sean-Ghréagis ἐπίληψις "an t-ionsaí").

Tarlaíonn an galar de bharr an iomarca díluchtaithe leictreachais sioncroineacha taomghoineacha ó chealla na hinchinne. Má tharlaíonn an díluchtú tobann seo d’fhéadfadh go dtarlódh cailliúint comhfheasa, athruithe san iompraíocht nó gluaiseachtaí ainneonacha (.i. taom titimis). Féadfaidh taom a bheith ag duine ar bith, ach leis an titimeas tá an claonadh ann taomanna aisfhillteacha a bheith i gceist.

Is coitianta an galar an titimeas. Ceaptar go gcuireann an titimeas isteach ar duine amháin ar a laghad as 200.

Cineálacha titimis

Tá dhá priomhchineál titimis ann: titimeas ginearálaithe agus titimeas fócasach.

Roinntear an dá chineál i bhfóchineálacha éagsúla de réir cúis (cúis ar eolais nó cúis anaithnid), cumraíocht na dtaomanna (taomanna tónacha clónacha, taomanna mioclónacha, taomanna neamhláithreachta, is araile), aois na ndaoine (roinnt cineálacha speisialta san óige) agus suíomh san inchinn (i maotháin na hinchinne).

Diagnóis

Is é ceistiú ar an othar (an anaimnéis) an modh diagnóise is tabhachtaí. Modhanna eile an leictreinceifileagram (EEG) agus modhanna raideolaíochta, go háirithe an íomháú athshondais mhaighnéadaigh (MRI).

Teiripe

Is é sprioc na teiripe ná taomanna a chosc. Tugtar cógais mar shampla Carbamazepine, aigéad Valpróach (Valproic acid), Phenytoine, Lamotrigine, Levetiracetam, Gabapentin, agus araile.

Is féidir obráid titimeach a dhéanamh ag cineálacha fócasacha éagsúla titimis.

Daoine cailiúla a d'fhulaing ó thitimeas

Alastar Mór, Iúil Caesar, Napoleon, Gustave Flaubert, Dostojewski, Agatha Christie, Molière, Leonardo da Vinci, Michelangelo, Vincent van Gogh, Georg Friedrich Händel, Paganini, Alfred Nobel, Pápa Pius IX, agus araile.


Séanadh leighis
Séanadh leighis
Tabhair aird ar an séanadh leighis le do thoil!