An difríocht idir athruithe ar: "Balliang, Victoria"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Leathanach cruthaithe le 'Ceantar in Victoria na hAstráile is ea '''Balliang''' agus é suite in oirdheisceart Shír Moorabool, 54 ciliméadar ó Melbourne, príomhchathair...'
(No difference)

Leagan ó 03:41, 16 Meán Fómhair 2011

Ceantar in Victoria na hAstráile is ea Balliang agus é suite in oirdheisceart Shír Moorabool, 54 ciliméadar ó Melbourne, príomhchathair an Stáit. De réir dhaonáireamh na bliana 2006 bhí 233 duine ina gcónaí ann. Rugadh ceithre dhuine dhéag acu i Sasana, naonúr sa Nua-Shéalainn, triúr san Fhidsí, triúr sa tSloivéin agus triúr san Ostair.[1] Ní raibh aon Bhundúchasaigh ina gcónaí ann, cé gurbh iad na Wathaurong, pobal Bundúchasach, a bhí ann roimh theacht na nEorpach.

Ainmníodh an áit as teach in Geelong ar le Foster Fyans, coimisinéir tailte corónach, é. Deirtear gur ainmníodh an teach as Balliang (Ballyang), Bundúchasach a bhí ar fostú ag Fyans.[2]

Osclaíodh oifig poist ann ar 23 Bealtaine 1908 agus dhún sí sa bhliain 1968.[3]

Tagairtí

Féach freisin

Balliang: 90 years of settlement 1908-1998. Balliang, Victoria: Back to Balliang Committee 1998.