An difríocht idir athruithe ar: "Comhar"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Líne 13: Líne 13:
== Féach freisin ==
== Féach freisin ==
* [[Feasta]]
* [[Feasta]]
* [[Comhar Teoranta]]


== Naisc sheachtracha ==
== Naisc sheachtracha ==

Leagan ó 18:46, 10 Meán Fómhair 2011

Iris mhíosúil Ghaeilge í Comhar a bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha inti.

Stair agus ábhar

Bhunaigh An Comhchaidreamh, dream idir-ollscoile, Comhar sa bhliain 1942.[1] Comhlacht carthanachta (uimhir 47559) gan scaireanna atá ann.[2] Fáiltionn an iris roimh scríbhneoirí nua Gaeilge agus tá sí dírithe i gconai ar léitheoirí oilte. Ba é Breandán Ó hEithir t-eagarthoir is mó iomrá, agus i measc na scríbhneoirí aitheanta a bhfuil a shaothar le fail inti tá Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin, Máirtín Ó Cadhain, Alan Titley agus Seán Mac Mathúna. Foilsíonn Comhar roinnt leabhar freisin.

I Mí na Nollag 2007 fógraíodh nach bhfoilseofaí Comhar a thuilleadh ó tharla go raibh Foras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an deontas a thug siad don iris. I Mí an Mheithimh 2008, áfach, fograíodh go bhfoilseofaí an iris arís tar éis d'Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin agus an deontas a athnuachan.[3]

Ceapadh Aindrias Ó Cathasaigh ina eagarthóir nua ar an iris i samhradh na bliana 2008 ach d'éirigh sé as i Mí na Samhna 2008 mar gur theastaigh, dar leis, ó Bhord Chomhar a ladar a chur i gcúrsaí eagarthóireachta. Lean Pól Ó Muirí é ina eagarthóir sealadach ó Nollaig 2008, agus is é Ian Ó Caoimh an t-eagarthóir atá anois ann.

Tagairtí

Féach freisin

Naisc sheachtracha