An difríocht idir athruithe ar: "Charles Stewart Parnell"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: gl:Charles Stewart Parnell
Líne 58: Líne 58:
[[es:Charles Stewart Parnell]]
[[es:Charles Stewart Parnell]]
[[fr:Charles Stewart Parnell]]
[[fr:Charles Stewart Parnell]]
[[gl:Charles Stewart Parnell]]
[[he:צ'ארלס סטיוארט פרנל]]
[[he:צ'ארלס סטיוארט פרנל]]
[[hr:Charles Stewart Parnell]]
[[hr:Charles Stewart Parnell]]

Leagan ó 15:52, 7 Meán Fómhair 2011

Teimpléad:Bosca Sonraí Polaiteoir Polaiteoir Éireannach ab ea Charles Stewart Parnell (27 Meitheamh, 18466 Deireadh Fómhair, 1891).

Duine de na ceannairí ba thábhachtaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe sa naoú haois déag ab ea Parnell, agus tugtar an leasainm "Rí gan choróin na hÉireann" air. Ba bhall de Theach na dTeachtaí é ó 1875 ar aghaidh. Uachtarán Chonartha na Talún ab ea é, agus theastaigh Rialtas Dúchais uaidh.

Bhí cónaí air i nGleanntáin na hAbhainn, Ráth Droma, Contae Chill Mhantáin, agus tá a eastát oscailte don phobal inniu.

Conradh na Talún

Bhunaigh Mícheál Dáibhéad Conradh na Talún sa bliain 1879. Ba é Parnell an chéad uachtarán ar an gConradh. Theastaigh ó Chonradh na Talún deireadh a chur le cíosanna arda agus díshealbhú, agus deis a thabhairt do thionúntaí an talamh a cheannach dóibh féin. Bhí modhanna síochánta ag an gConradh. Cuireadh cruinnithe ar siúl áit ar bith a raibh trioblóid ann, agus cuireadh baghcait i bhfeidhm.

Chuir cumhacht an Chonartha eagla ar an rialtas Gallda agus gabhadh Parnell. Bhí sé i bpríosún ar feadh tamaill. Scaoileadh saor é nuair a dhiúltaigh tionóntaí cíos ar bith a íoc. Sa bhliain 1881 tháinig acht i bhfeidhm a bhunaigh cúirteanna talún chun cíos cothrom a shocrú. As sin amach ní bheadh tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú má bhí an cíos íoctha aige.

Rialtas Dúchais

Theastaigh ó Pharnell deireadh a chur le hAcht an Aontais agus Rialtas Dúchais a bhaint amach.[1] Chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a bhailiú agus cabhair a lorg. Bhí an-tóir air i measc na ndaoine. Ritheadh bille um Rialtas Dúchais na hÉireann sa bhliain 1886, ach ní bhfuair sé faomhadh Theach na dTeachtaí.

Dealbh chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath ar Shráid Pharnell

Scannal O'Shea

Sa bhliain 1890 d'fhógair Parnell go raibh sé chun Katharine O'Shea a phósadh, bean a bhí tar éis colscaradh a fháil. Bhí adhaltranas ar siúl ag Parnell agus Kitty O'Shea roimhe sin. Chuir an scannal isteach ar a lán daoine. Labhair go leor díobh amach i gcoinne Pharnell, agus chaill sé cuid mhaith dá thacaíocht. Phós Parnell O'Shea ar 25 Meitheamh, 1891.

Bás agus sochraid

Bhuail taom croí Parnell i nDeireadh Fómhair, agus fuair sé bás i mBrighton i Sasana. Ní raibh sé ach 45 bliain d'aois. Bhí níos mó ná 200,000 duine ar a shochraid i mBaile Átha Cliath ar 11 Deireadh Fómhair, 1891. Cuireadh san uaigh i Reilig Ghlas Naíon é.

Tagairtí

  1. Paul Bew, Parnell, Charles Stewart (1846-1891), politician and landowner, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press (2004-5)