An difríocht idir athruithe ar: "Ceoldráma"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: oc:Opera
m r2.7.1) (róbat ag baint: tt:Opera
Líne 151: Líne 151:
[[tl:Opera]]
[[tl:Opera]]
[[tr:Opera]]
[[tr:Opera]]
[[tt:Opera]]
[[uk:Опера]]
[[uk:Опера]]
[[ur:اوپرا]]
[[ur:اوپرا]]

Leagan ó 17:42, 25 Lúnasa 2011

Dráma a chuirtear i láthair ina bhfuil an-chuid ceoil, de ghnáth i bhfoirm amhránaíochta, is ea ceoldráma. Cuirtear i láthair in amharclann nó faoin aer é. Cineál speisialta ceoldráma is ea opera.

Cineál ceoldráma atá in ceoldráma a chuirtear i láthair an phobail. Is gnách féitheanna agus sonraí áirithe a bheith i gceoldráma m.sh., bíonn réamhcheoil agus ceol idir chanadh ann, bíonn canadh amhrán aonair, beirte agus drongach ann, agus bíonn cur i láthair i bhfoirm dráma, go minic le feistis an-ghalánta agus cúlra an-mhaisithe.

Póstaer don opera Carmen le Georges Bizet (1875)

Sa lá atá inniu ann, bíonn ceolfhoireann suite faoi bhun an ardán de gnáth, agus bíonn innealra agus iliomad cuiditheoirí agus ceardaithe fostaithe chun cúlraí agus feistis eile a ullmhú, agus ina dhiaidh sin iad a chur in áit le linn an taispeántais. Chomh maith leis sin bíonn gá le ceardaithe solais, maisitheoirí aghaidh agus gruaige, innealtóirí fuaim, agus lucht stiúrtha na n-éisteoirí, lucht díolta leabhrán, lucht díolta cló-cheadanna, agus lucht ullmhúcháin agus dáileadh bídh agus dí. Níl ceoldráma i mórán cathair mór, agus go minic is gá cuidiú ó rialtais chun ceoldráma a chur ar bun agus a dhaingniú i mbaile.

Comhlachtaí Opera

I measc mórchomhlachtaí ceoldrámaíochta an domhain, tá an Opera Meitreapólach agus Opera Cathartha Nua-Eabhraic i Nua-Eabhrac, an Liceu i mBarcelona, Ceoldráma Násiúnta Shasana i Londain, an Mariinsky i Moscú, an Opéra Nationale i bPáras, an Suomen Kansaalisooppera i Heilsincí, an Deutsche Oper agus an Staatsoper i mBerlin, agus Ceoldráma Náisiúnta na Breataine Bige i gCaerdíd.

In Éirinn, tá Ceoláras i gCorcaigh, ach ní heol cathain a bhí ceoldrámaí riamh ann. Tá feis cheoldráma chlúiteach gach uile bhliain i Loch Garman, ar é a aidhm saothair atá beagnach ligthe i ndearmad a thabhairt chun cinn arís.

Liosta de phríomhthithe opera an domhain

Cumadóirí ceoldrámaí

Imeasc na gcumadóirí móra ceoldráma tá:

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR