An difríocht idir athruithe ar: "An Bhaváir"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.6.3) (róbat ag suimiú: pfl:Bayan
m róbat ag suimiú: uz:Bayern
Líne 173: Líne 173:
[[tt:Bayern]]
[[tt:Bayern]]
[[uk:Баварія]]
[[uk:Баварія]]
[[uz:Bayern]]
[[vec:Baviera]]
[[vec:Baviera]]
[[vi:Bayern]]
[[vi:Bayern]]

Leagan ó 08:33, 23 Lúnasa 2011

Saorstát na Baváire
Freistaat Bayern
Bratach Armas
Bratach Armas
Suíomh
Teanga Gearmáinis
Príomhchathair München
Comhordanáidí
na príomhchathrach
48° 8' Thuaidh, 11° 34' Thoir
An chathair is mó München
Achar
 - Iomlán

70,551.57 km²
Daonra
 - Iomlán (2008)
 - Dlús

12.519.728
177.5/km²
Airgead Euro (€)
Amchrios UTC +1, Am Samhraidh: UTC +2
Caisleán Neuschwanstein, caisleán cáiliúl sa Bhaváir

Is í an Bhaváir, nó Saorstát na Baváire (Gearmáinis: Freistaat Bayern) an stát is faide ó dheas sa Ghearmáin. Is í München an phríomchathair. Is í an Bhaváir an dara stát Gearmánach is mó daonra (is é an stát Nordrhein-Westfalen an ceann is mó daonra). Tá an Bhaváir ag críochantacht leis na stáit Ghearmánacha Hessen, Baden-Württemberg, Thüringen, agus an tSacsóin. Thairis sin, tá teorainneacha aici le Poblacht na Seice, leis an Ostair, agus leis an Eilvéis.

Tá tailte ag an mBaváir san Ostair - na Saalforste, mar a thugtar orthu. Is é sin, is le stát na Baváire iad ó thaobh na húinéireachta de, ach san am céanna, tá siad suite taobh istigh de chríocha na hOstaire.

Go traidisiúnta, roinntear Saorstát na Baváire ina thrí chúige, mar atá, Allgäu - an Sváib Baváireach (Allgäu - Bayerische Schwaben), an Fhrancóin (Franken), an Bhaváir Uachtarach (Oberbayern), agus Oirthear na Baváire (Ostbayern). Is codanna den tSean-Bhaváir iad an Bhaváir Uachtarach (Oberbayern), an Bhaváir Íochtarach (Niederbayern), agus an Phalaitíneáit Thuas (Oberpfalz).

Is cathracha móra eile sa Bhaváir iad Nürnberg, Augsburg, Regensburg agus Ingolstadt.

Tá clú agus cáil ar an mBaváir mar gheall ar na hAlpa Baváireacha (Bayerische Alpen) sa Bhaváir Uachtarach. Is é Zugspitze an sliabh is airde, 2962m os cionn leibhéal na farraige. Bhí na Cluichí Oilimpeacha Gheimhridh ar siúl ansin i 1936, in Garmisch-Partenkirchen, baile gar don Zugspitze.

Naisc Sheactracha

Teimpléad:Stumpa-tír-de