An difríocht idir athruithe ar: "Macbeth (dráma)"
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: mt:Macbeth |
m r2.7.2) (róbat ag suimiú: ca:Macbeth |
||
Líne 82: | Líne 82: | ||
[[br:Macbeth]] |
[[br:Macbeth]] |
||
[[bs:Macbeth]] |
[[bs:Macbeth]] |
||
[[ca:Macbeth]] |
|||
[[cs:Macbeth]] |
[[cs:Macbeth]] |
||
[[cy:Macbeth (drama)]] |
[[cy:Macbeth (drama)]] |
Leagan ó 21:34, 21 Lúnasa 2011
Is dráma traigéide leis an ndrámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é Macbeth. Is é an traigéide is giorra agus is fuiltí dá chuid. Bhunaigh Shakespeare plota Macbeth go garbh ar rí stairiúil na hAlban, de réir an chuntais a thug Raphael Holinshed ar a shaol. Aithnítear go forleathan, áfach, go scinneann scéal an dráma i bhfad ón bhfírinne stairiúil.
Dátú an Dráma
Ní féidir a rá cén t-am go beacht a scríobhadh Macbeth, ós rud é gurb iomaí athrú agus leasú a rinne Shakespeare ar an téacs i ndiaidh an chéad leagan. Is iomaí saineolaí a shíleann gur chum an t-údar sna blianta 1603-1606 é, a bheag nó a mhór. Tá an chuma ar an scéal go raibh an dráma ceaptha le corónú an Rí Séamus a hAon a cheiliúradh, sa bhliain 1603 - ba de shliocht Banquo an Rí Séamus, de réir mar a chreid sé féin, ar a laghad - agus mar sin, is dócha nár cumadh an dráma roimh an mbliain sin. Tá siad ann freisin ar dóigh leo gur sa bhliain 1605 nó 1606 a tháinig Macbeth ar pár, ó aithníonn siad tagairtí do Chomhcheilg an Phúdair agus do na próiseanna dlí ina diaidh.
Na Pearsana
- Duncan - Rí na hAlban.
- Malcolm - an mac is sine ag Duncan.
- Donalbain - an mac is óige ag Duncan.
- Macbeth - ginearál in arm an Rí Duncan. Tá sé ina thaen ar Glamis.
- Lady Macbeth - bean chéile Macbeth.
- Banquo - cara le Macbeth, ginearál eile in arm an Rí Duncan.
- Fleance - mac Banquo.
- Macduff - an Taen ar Fhìobh.
- Lady Macduff - bean chéile Macduff.
- Mac Macduff.
- Lennox - tiarna Albanach.
- Ross - tiarna Albanach.
- Angus - tiarna Albanach.
- Mentieth - tiarna Albanach.
- Caithness - tiarna Albanach.
- Siward - Iarla na Nortumbarlainne, ginearál na bhfórsaí Sasanacha.
- Siward Óg - mac Siward.
- Seyton - searbhónta.
- Hecate - príomh-bhandraoi, bandia na draíodóireachta.
- Triúr bandraoithe
- Triúr dúnmharfóirí
- Timire, nó Teachtaire
- Dochtúir Sasanach
- Dochtúir Albanach
Leagan Gaeilge
Sa bhliain 1925, d'fhoilsigh an Gúm leagan Gaeilge den dráma seo. S. Labhrás Ó Súilleabháin a d'aistrigh go Gaeilge é. Ní raibh an t-aistriúchán seo ar fáil le fada, ach sa bhliain 2007, tháinig leagan nua i gcló ó Choiscéim faoin teideal Traigéide Mhic Bheatha, agus é réitithe don fhoilsiú ag Nicholas Williams (féach thíos). D'fhéach Williams le hainmneacha na gcarachtar a Ghaelú, nó i ndiaidh an iomláin, tá an scéal suite in Albain nuair a bhí i bhfad níos mó Gaeilge (nó Gàidhlig) á labhairt sa tír sin ná Béarla (nó Albainis). Ainmneacha ab ea iad na bunleaganacha féin ar féidir an bunús Gaelach a aithint orthu faoi bhréagriocht an Bhéarla. Seo mar a d'ath-Ghaelaigh Williams cuid de na hainmneacha:
- Macbeth -> Mac Bheatha
- Duncan -> Donnchadh
- Malcolm -> Calum
- Macduff -> Mac Duibh
- Lennox -> Leamhanach
- Banquo -> Bánchú
Naisc Sheachtracha
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |