An difríocht idir athruithe ar: "Vicipéid na Gaeilge"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: it:Wikipedia in irlandese (deleted) ag mionathrú: eu:Irlanderazko Wikipedia
Líne 35: Líne 35:
[[en:Irish Wikipedia]]
[[en:Irish Wikipedia]]
[[es:Wikipedia en irlandés]]
[[es:Wikipedia en irlandés]]
[[eu:Gaelerazko Wikipedia]]
[[eu:Irlanderazko Wikipedia]]
[[fa:ویکی‌پدیای ایرلندی]]
[[fa:ویکی‌پدیای ایرلندی]]
[[id:Wikipedia bahasa Irlandia]]
[[id:Wikipedia bahasa Irlandia]]
[[it:Wikipedia in irlandese]]
[[ja:アイルランド語版ウィキペディア]]
[[ja:アイルランド語版ウィキペディア]]
[[ko:아일랜드어 위키백과]]
[[ko:아일랜드어 위키백과]]

Leagan ó 22:26, 19 Lúnasa 2011

Is í Vicipéid na Gaeilge an leagan Gaeilge den chiclipéid phoiblí ilteangach VicipéidWikipedia.

Stair

Tháinig Vicipéid na Gaeilge ar an bhfód i mí Dheireadh Fómhair 2003, agus scríobhadh an chéad alt i mí Eanáir 2004. Bhunaigh Gabriel Beecham an suíomh.[1] I mí Mheán Fómhair 2005 bhí breis is 1,600 alt le fáil agus ábhar curtha ar fáil ag 173 duine.[2] Faoi mhí an Mhárta 2007 bhí timpeall 20 duine ag obair ar an Vicipéid ar bhonn rialta agus bhí suas le 7000 alt ann.[3] Faoi láthair tá 59,868 alt ann.

Tuairimí

Mhol www.beo.ie Vicipéid na Gaeilge,

"An rud is áille faoi Vicipéid ná gur féidir le haon duine í a chur in eagar. Ciallaíonn sé sin gur féidir le duine a bhfuil eolas ar bith aige faoi ábhar, cé acu saoi nó amadán é, é sin a chur ar an suíomh chun go mbeidh sé ar fáil do gach duine. Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi. Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin Unicode agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh."
"Cuireann Panu Hogland le hábhar an tsuímh ó am go ham chomh maith, agus tá a fhios ag an saol Gaelach cé eisean."
"Ach seachas iadsan, tá teangeolaithe, aistritheoirí, mic léinn coláiste agus saineolaithe éagsúla eile ann. Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar. Má tá Gaeilge agatsa, ná bíodh leisce ort cur leis an ábhar."

Cheap beo.ie go raibh an Vicipéid úsáideach d'fhoghlaimeoirí chomh maith le cainteoirí líofa:

"Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge ar líne, agus d’fhoghlaimeoirí chomh maith. Is iontach an rud é bheith in ann an Ghaeilge a léamh agus bheith ag foghlaim ag an am céanna. Agus, má chláraíonn tú ar an suíomh, is féidir leat do chuid Gaeilge a úsáid go rialta agus tú i mbun plé leis na daoine eile agus ag cur leis na haltanna."

Ina alt Putting the learning back into learning technology dúirt Barry McMullin (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) gur áis mhaith í Vicipéid na Gaeilge:

...the wikipedia - because of its dynamic and flexible (or chaotic?) development model, implies no automatic commitments either to completeness or currency; which therefore permits incremental and continuous improvement. No doubt, the Irish version of wikipedia will never be as complete or current as the English version; but for those users who need it, it will be much better than having no Irish language encylopedia at all! Moreover, the Irish wikipedia will probably evolve to contain the primary or definitive versions of articles in certain specific topic areas. Of course, mutatis mutandis, similar comments could be made for other language versions of wikipedia."[4]

Chuir scoláirí eile béim ar luach oideachasúil na Vicipéide.[5]

Tagairtí

Féach freisin