An difríocht idir athruithe ar: "Radanúiclíd"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: zh:放射性核素
MerlIwBot (plé | dréachtaí)
m róbat ag baint: zh:放射性核素 (deleted)
Líne 42: Líne 42:
[[uk:Радіонукліди]]
[[uk:Радіонукліди]]
[[ur:مشعہ نویدہ]]
[[ur:مشعہ نویدہ]]
[[zh:放射性核素]]

Leagan ó 01:48, 5 Lúnasa 2011

Is éard atá i gceist le radanúiclídnúiclíd - cineál adaimh a bhfuil a núicléas éagobhsaí, ionas gur dual dó meath radaighníomhach a theacht air. Mar sin, iompóidh an radanúiclíd ina núiclíd eile, agus í ag astú cáithnín fo-adamhach de chineál éigin - béite-cháithnín, alfa-cháithnín, nó candam gáma-radaíochta. Tá radanúiclídí nádúrtha ann, ach is féidir radanúiclídí a tháirgeadh go saorga freisin.

Téarma fisice é an focal sin "radanúiclíd". Na ceimiceoirí, is gnách leo dearcadh ar an radanúiclíd mar iseatóp de chuid na dúile ceimicí lena mbaineann sí, agus mar sin, is fearr leo raidiseatóp a thabhairt ar an radanúiclíd.

Maidir leis na radanúiclídí a bhíonn le fáil sa dúlra, is féidir iad a roinnt ina dtrí ghrúpa: na radanúiclídí príomhordúla, na radanúiclídí tánaisteacha agus na radanúiclídí cosmaigineacha. Is iad na radanúiclídí príomhordúla na cinn a bhí ar fáil sa damhna as ar foirmíodh an ghrian agus na pláinéid, agus iad chomh fadsaolach is go bhfuil cuid acu fágtha ann inniu féin. Samplaí den chineál seo radanúiclídí is iad úráiniam agus tóiriam an dúlra. Radanúiclídí tánaisteacha iad na cinn a cruthaíodh nuair a tháinig meath ar na radanúiclídí príomhordúla - sampla is ea an raidiam. Go ginearálta, baineann na radanúiclídí tánaisteacha le meathshlabhraí na radanúiclídí troma príomhordúla. Mar shampla, ní féidir leis an úráiniam claochlú go hiseatóp cobhsaí le haon mheath radaighníomhach amháin, ó tá sé i bhfad níos troime ná an luaidhe, arb í an dúil is troime a bhfuil iseatóip chobhsaí aici. Mar sin, caithfidh an t-adamh úráiniam slabhra fada de staideanna idirmheánacha - an meathshlabhra - a chur de sula mbainfidh sé amach an chobhsaíocht. Radanúiclídí tánaisteacha iad na staideanna seo go léir. Radanúiclídí cosmaigineacha iad na radanúiclídí a chruthaítear faoi thionchar na radaíochta cosmaí, cosúil leis an radacarbón.