An difríocht idir athruithe ar: "Faireog thíoróideach"
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: kk:Қалқанша без |
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: ca:Tiroide |
||
Líne 19: | Líne 19: | ||
[[bn:থাইরয়েড গ্রন্থি]] |
[[bn:থাইরয়েড গ্রন্থি]] |
||
[[bs:Štitna žlijezda]] |
[[bs:Štitna žlijezda]] |
||
[[ca: |
[[ca:Tiroide]] |
||
[[cs:Štítná žláza]] |
[[cs:Štítná žláza]] |
||
[[cy:Theiroid]] |
[[cy:Theiroid]] |
Leagan ó 01:33, 29 Iúil 2011
Is ceann de na faireoga incríneacha is mó sa chorp í an Fhaireog Thíoróideach. Tá an fhaireog seo suite sa scornach faoi bhun an Úill Bhráid agus a bheag nó a mhór ar an leibhéal céanna leis an loingeán criocóideach. Tá sí ar chruth féileacáin agus tá sí lonnaithe chun tosaigh sa mhuineál. Rialaíonn an fhaireog seo cé chomh gasta is a dhónn an corp fuinneamh, bíonn sí freagrach as próitéiní a dhéanamh agus as leibhéal cheimiceáníogaireacha an choirp do hormóin eile. Glacann an tíoróideach páirt sna próisis seo trí hormóin tíoróideacha a tháirgeadh ag baint úsáide as an iaidín, ach go háirithe tíorocsaín (T4) agus trí-iadaitíoróinín (T3). Rialaíonn na hormóin seo an bunráta meitibileach agus téann siad i bhfeidhm ar an ráta fáis agus feidhme a lán córas eile sa chorp. Úsáidtear iaidín agus tirisín chun T3 agus T4 araon a dhéanamh. Táirgíonn an fhaireog thíoróideach an hormón cailceatoinin freisin, a ghlacann páirt in hoiméastáis chalciam.
Rialú na Faireoige
Tá an fhaireog thíoróideach rialaithe ag an hipeatalamas agus an piotútach. Faigheann an fhaireog a hainm ón bhfocal Gréigise i gcomhair 'scéithe', toisc an chrutha a bhíonn ar an loingeán tíoróideach a bhíonn idirghaolmhar léi. Is iad an hipirtíoróideach (tíoróideach róghníomhach ) agus an hipitíoróideacht (tíoróideach gannghníomhach ) na fadhbanna is minicí a bhíonn bainteach leis an bhfaireog thíoróideach.