An difríocht idir athruithe ar: "Ichiyō Higuchi"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 7: Líne 7:
[[Kaho Tanabe]] (田辺花圃 - ''Tanabe Kaho'' 1868-1943), seanpháirtí scoile, shocraigh sí ar dhul le scríbhneoireacht chun a teaghlach a cothú.
[[Kaho Tanabe]] (田辺花圃 - ''Tanabe Kaho'' 1868-1943), seanpháirtí scoile, shocraigh sí ar dhul le scríbhneoireacht chun a teaghlach a cothú.


Tháinig an chéad úrscéal ó lámh Higuchi in aois a fiche bliain agus é scríofa faoin ainm Ichiyō. Sa bhliain 1894 foilsíodh ''Ōtsugomori'' (大つごもり - "Oíche Chinn Bhliana"), an chéad mhórshaothar aici, agus lean scéalta eile é a fuair ardmholadh ó gháthléitheoirí agus ó léirmheastóirí araon: ''Takekurabe'', ''Nigorie'' (にごりえ - "Cúrsaí Corracha") agus ''Jūsan'ya'' (十三夜|| - "An Tríú hOíche Déag").
Tháinig an chéad úrscéal ó lámh Higuchi in aois a fiche bliain agus é scríofa faoin ainm Ichiyō. Sa bhliain 1894 foilsíodh ''Ōtsugomori'' (大つごもり - "Oíche Chinn Bhliana"), an chéad mhórshaothar aici, agus lean scéalta eile é a fuair ardmholadh ó gháthléitheoirí agus ó léirmheastóirí araon: ''Takekurabe'', ''Nigorie'' (にごりえ - "Cúrsaí Corracha") agus ''Jūsan'ya'' (十三夜|| - "An Tríú hOíche Dhéag").


Sa bhliain 1896 fuair sí bás le heitinn, galar a tholg sí tamaillin roimhe sin. Níor phós sí riamh, cé go bhfuair sí tairiscint agus í fiche bliain d'aois.
Sa bhliain 1896 fuair sí bás le heitinn, galar a tholg sí tamaillin roimhe sin. Níor phós sí riamh, cé go bhfuair sí tairiscint agus í fiche bliain d'aois.

Leagan ó 04:45, 28 Iúil 2011

Ichiyō Higuchi

Údar Seapánach ba ea Ichiyō Higuchi (樋口 一葉 Higuchi Ichiyō) (2 Bealtaine 1872 - 23 Samhain 1896), bean a baisteadh mar Natsu Higuchi (樋口 奈津 Higuchi Natsu) agus a dtugtar Natsuko Higuchi (樋口 夏子 Higuchi Natsuko) uirthi freisin.

Ba de shliocht samúraíoch í Higuchi, agus rugadh í sa ré Meiji i dTóiceo. Bhí sí siúlach agus d'aistrigh sí ó theach go teach dhá uair déag. I gceann a ceithre bliana déag chuaigh sí ar an Haginoya, scoil filíochta, ach nuair a bhí sí cúig bliana déag cailleadh a deartháir agus chlis gnó a athar. Is gearr go bhfuair sé bás, rud a d'fhág Higuchi mar cheann an teaghlaigh in aois a seacht mbliana déag.

Tháinig sí féin, a máthair agus an deirfiúr ab óige aici i dtír le níochán, le fuáil agus le hobair eile den saghas sin. Nuair a chonaic sí cé chomh maith is a d'éirigh le Yabu no uguisu ("Éin Cheoil sa Gharrán," 1888), úrscéal le Kaho Tanabe (田辺花圃 - Tanabe Kaho 1868-1943), seanpháirtí scoile, shocraigh sí ar dhul le scríbhneoireacht chun a teaghlach a cothú.

Tháinig an chéad úrscéal ó lámh Higuchi in aois a fiche bliain agus é scríofa faoin ainm Ichiyō. Sa bhliain 1894 foilsíodh Ōtsugomori (大つごもり - "Oíche Chinn Bhliana"), an chéad mhórshaothar aici, agus lean scéalta eile é a fuair ardmholadh ó gháthléitheoirí agus ó léirmheastóirí araon: Takekurabe, Nigorie (にごりえ - "Cúrsaí Corracha") agus Jūsan'ya (十三夜|| - "An Tríú hOíche Dhéag").

Sa bhliain 1896 fuair sí bás le heitinn, galar a tholg sí tamaillin roimhe sin. Níor phós sí riamh, cé go bhfuair sí tairiscint agus í fiche bliain d'aois.

Tá ardmheas fós ar a saothar, agus áirítear í mar an gcéad bhanscríbhneoir proifisiúnta nua-aoiseach sa tSeapáin.

Liosta leabhar

  • Robert Lyons Danly. A study of Higuchi Ichiyō. Yale University, 1980.
  • Robert Lyons Danly. In the Shade of Spring Leaves: The Life and Writings of Higuchi Ichiyō. New Haven: Yale University Press, 1981.
  • Yukiko Tanaka. Women writers of Meiji and Taishō Japan: their lives, works and critical reception, 1868-1926. McFarland, 2000.

Naisc sheachtracha

Naisc