An difríocht idir athruithe ar: "Nancy Pelosi"
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: en:The Wicked Witch of San Francisco |
E seo déanta ag bot atá faoi smacht duine atá 16 bliana d'aois? Hmm. Glacfaidh mé nach raibh 'fhios aige cad'bhi ar siul ag an bot. |
||
Líne 22: | Líne 22: | ||
[[da:Nancy Pelosi]] |
[[da:Nancy Pelosi]] |
||
[[de:Nancy Pelosi]] |
[[de:Nancy Pelosi]] |
||
[[en:Nancy Pelosi]] |
|||
[[en:The Wicked Witch of San Francisco]] |
|||
[[eo:Nancy Pelosi]] |
[[eo:Nancy Pelosi]] |
||
[[es:Nancy Pelosi]] |
[[es:Nancy Pelosi]] |
Leagan ó 02:30, 25 Iúil 2011
Is polaiteoir Meiriceánach í Nancy Patricia D'Alesandro Pelosi (ar 26 Márta, 1940 a rugadh í). Ionadaí í de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia, a chuimsíonn an chuid is mó de chathair San Francisco. Ceannaire Comhairle an Teach Ionadaithe a bhí inti sa 111ú Comhdháil. Thogh a comhbhaill Dhaonlathacha sa Teach í mar Cheannaire an Mhionlaigh don 112ú Comhdháil, a thosaigh i mí Eanáir, 2011.
Mar Cheann Comhairle, ba í an dara duine (i ndiaidh an leasuachtaráin) mar chomharba ar uachtarán na Stát Aontaithe mura mbeadh sé seo ábalta a chuid cúraimí a chomhlíonadh. Ba í an chéad bhean san oifig sin agus, mar sin, ba í an bhean is airde oifig i stair SAM go dtí seo. (Is í an chéad duine as California agus an chéad duine de shliocht Iodálach sa phost sin freisin.) Chuaigh John Boehner ina háit mar Cheann Comhairle san 112ú Comhdháil.
Saolaíodh i mBaltimore, Maryland í mar Nancy Patricia D'Alesandro. Ba iad Anunciata M. (“Nancy”) agus Thomas D’Alesandro a tuismitheoirí. Ba bhall de Chomhdháil na Stát Aontaithe é a hathair. Bhí sé ina mhéara ar Baltimore freisin, roimhe sin. D’fhreastail Nancy Pelosi ar an Institute of Notre Dame, ardscoil Chaitliceach do chailíní, i mBaltimore. Bhain sí céim bhaitsiléara san eolaíocht pholaitiúil amach ag Trinity College (Ollscoil Trinity Washington inniu) i Washington, D.C. sa bhliain 1962.
Naisc sheachtracha
- Speaker of the House suíomh oifigiúil don Cheann Comhairle
- U.S. Congresswoman Nancy Pelosi suíomh oifigiúil Nancy Pelosi mar bhall den Teach
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |