An difríocht idir athruithe ar: "Geronimo"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: gl:Gerónimo
m r2.7.2) (róbat ag mionathrú: eu:Jeronimo
Líne 22: Líne 22:
[[es:Gerónimo]]
[[es:Gerónimo]]
[[et:Geronimo]]
[[et:Geronimo]]
[[eu:Geronimo]]
[[eu:Jeronimo]]
[[fi:Geronimo]]
[[fi:Geronimo]]
[[fo:Geronimo]]
[[fo:Geronimo]]

Leagan ó 03:10, 21 Iúil 2011

Geronimo

Taoiseach clúiteach de chuid na nApaiseach ab ea é Geronimo (16 Meitheamh, 182917 Feabhra, 1909). Goyaałé ab ainm dó ina theanga dhúchais féin, mar atá, Apaisis Chiricahua, ach is ó na Meicsiceánaigh a fuair sé an leasainm. Rugadh ar an 16ú lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain 1829 é, agus fuair sé bás ar an 17ú lá de Mhí Feabhra sa bhliain 1909. Ar dtús, bhí cónaí air chois Turkey Creek i Nua-Mheicsiceo an lae inniu. Bhí sé ina lia sí i measc a mhuintire, ach san am céanna, bhíodh sé go minic ag cur cogaidh ar na Meicsiceánaigh. Mharaigh saighdiúirí Meicsiceánacha a bhean chéile agus a thriúr clainne sa bhliain 1858, agus ón lá sin i leith, bhí fuath na ndaol aige ar na Meicsiceánaigh. Nuair a shealbhaigh na Stáit Aontaithe na críocha seo sna 1840idí, thosaigh Geronimo ag cur cogaidh ar na "saighdiúirí gorma" freisin. Na héachtaí a d'éirigh leis agus é ag dul sa seans ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na saighdiúírí Meiriceánacha, thabhaigh siad clú agus cáil dó i measc a chuid námhad féin. Sa deireadh thiar thall, ghéill Geronimo agus an t-ochtar duine déag is fiche a bhí á thionlacan, ghéill siad iad féin d'fhórsaí an Ghinearáil Nelson A. Miles ar an 4ú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1886 ag Skeleton Canyon in Arizona.

Ina dhiaidh sin, cimíodh Geronimo, agus chaith sé an chéad chuid dá théarma braighdeanais i bhFlorida. Ocht mbliana ní ba deireanaí, cuireadh go dtí príosún eile in Oklahoma é. Ina sheanfhear dó, bhí sé ina ábhar adhnua ag féilte agus ag ócáidí poiblí. Fuair sé bás le niúmóine i bhFort Sill in Oklahoma, áit ar hadhlacadh é. Ní bhfuair sé cead riamh filleadh abhaile go dtí Nua-Mheicsiceo.