An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Is úrscéal [[Béarla]] é '''Dracula''' leis an údar Éireannach [[Bram Stoker]] a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain [[1897]]. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar vaimpír é. Ba é [[Archibald Constable and Co]] an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.
Is úrscéal [[Béarla]] é '''Dracula''' leis an údar Éireannach [[Bram Stoker]] a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain [[1897]]. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an bhéaloidis Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an úrscéal. Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann Hollywood agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é [[Archibald Constable and Co]] an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

==Cúlra==

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó ''Țara Românească'' sa 15ú haois. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid námhad le cuaillí ar fud na hEorpa, agus chuala an saol iomrá ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Rí Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna Balcáin i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.


==Aistriúcháin==
==Aistriúcháin==

Leagan ó 12:32, 17 Iúil 2011

Is úrscéal Béarla é Dracula leis an údar Éireannach Bram Stoker a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1897. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar súmaire, nó vaimpír, é, agus tionchar an bhéaloidis Bhalcánaigh le haithint go soiléir ar an úrscéal. Is é an t-úrscéal seo is bunrúta leis an tsuim a chuireann Hollywood agus na scríbhneoirí lónléitheoireachta sna vaimpírí go dtí an lá inniu ann, nó is beag duine sna tíortha Béarla a chuala an focal sin "vaimpír" sular tháinig an leabhar seo i gcló. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.

Cúlra

Fuair an súmaire Dracula a ainm ó Vlad Țepeș, nó Vlad Drăculea, prionsa Trasalvánach a bhí ag rialú Chúige na Valáise (Wallachia) nó Țara Românească sa 15ú haois. Bhí sé ag cur troda ar na Turcaigh Otamánacha agus ag déanamh ródaigh ar na seanuaisle sa Valáis. Chuaigh na scéalta uafáis faoin dóigh a raibh sé ag sá a chuid námhad le cuaillí ar fud na hEorpa, agus chuala an saol iomrá ar "Vlad na gCuaillí". Dealraíonn sé, áfach, gurbh é an Rí Ungárach Maitias Corvinus a chuir an chuid ba mhó de na scéalta seo ag imeacht. Namhaid polaitiúil de chuid Vlad a bhí ann ar theastaigh uaidh an prionsa a chlúmhilleadh. Is ar éigean is féidir a rá gur dhearscnaigh sé thar phrionsaí eile na linne sna Balcáin i gcruálacht.

Pé scéal é, ó scaip an Rí Maitias scéalta uafáis faoi Vlad, chuaigh an prionsa in annála na staire mar chéasadóir is mar arrachtach.

Maidir leis an súmaire nó an vaimpír, is carachtar tábhachtach é i mbéaloideas na mBalcán agus na Slavach. Chaith Bram Stoker seacht mbliana ag déanamh taighde ar bhéaloideas Oirthear na hEorpa ar lorg inspioráide, agus is ansin a tháinig sé ar na scéalta faoi Vlad Drăculea agus faoi vaimpírí. Chinn sé ar an dá mhóitíf seo a phósadh, agus ba é an Cunta Dracula, mar is aithin dúinn inniu é, ba toradh don chleamhnas sin.

Bhí Bram Stoker cairdiúil le hArminius Vambery, taiscéalaí, saineolaí ar theangacha an Oirthir agus spiaire Sasanach a rugadh san Ungáir, agus deirtear go bhfuair sé cuid mhór dá eolas ar bhéaloideas na mBalcán ó Vambery. Is féidir freisin gur bhunaigh sé carachtar Abraham Van Helsing ar Vambery. Níl ann ach tuairimíocht, áfach.

Aistriúcháin

Ba é An Gúm a d'fhoilsigh leagan Gaeilge sa bhliain 1933, agus ba é Seán Ó Cuirrín, a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain 1997, agus ba é Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach Ion Codrescu a mhaisigh an leabhar.

Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndearna an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:

  • amadántúlacht -> amaidí
  • diúgadh -> diúrnú
  • lobhadh -> lofacht
  • tuireasc -> sábh
  • cas -> catach
  • daitheannach -> daite
  • meáite -> trom
  • stractha -> stróicthe
  • cuibhreach an phósta -> cuing an phósta
  • m'fhear pósta -> m'fhear pósta
  • an nádúir -> an dúlra
  • le neart taoda -> le taghd feirge
  • tomanta -> diongbháilte, tréamanta, daingean


Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.