An difríocht idir athruithe ar: "Dracula"
Líne 6: | Líne 6: | ||
Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar. |
Ba é [[An Gúm]] a d'fhoilsigh [[Scéim Aistriúcháin an Ghúim|leagan Gaeilge]] sa bhliain [[1933]], agus ba é [[Seán Ó Cuirrín]], a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain [[1997]], agus ba é [[Maolmhaodhóg Ó Ruairc]] a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach [[Ion Codrescu]] a mhaisigh an leabhar. |
||
Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na |
Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndearna an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná: |
||
* ''amadántúlacht'' -> ''amaidí'' |
* ''amadántúlacht'' -> ''amaidí'' |
Leagan ó 19:11, 16 Iúil 2011
Is úrscéal Béarla é Dracula leis an údar Éireannach Bram Stoker a tháinig i gcló an chéad uair sa bhliain 1897. Díríonn an scéal ar an gCunta Dracula ar vaimpír é. Ba é Archibald Constable and Co an comhlacht a d'fhoilsigh an chéad eagrán sin. Eagrán faoi chlúdach bog a bhí ann.
Aistriúcháin
Ba é An Gúm a d'fhoilsigh leagan Gaeilge sa bhliain 1933, agus ba é Seán Ó Cuirrín, a raibh canúint na nDéise ó dhúchas aige, a chuir Gaeilge ar an leabhar. D'fhoilsigh An Gúm atheagrán sa bhliain 1997, agus ba é Maolmhaodhóg Ó Ruairc a chuir an t-eagrán seo in eagar. Ba é an t-ealaíontóir Rómánach Ion Codrescu a mhaisigh an leabhar.
Fuair Aoibheann Nic Dhonnchadha, agus í ag scríobh do An Linn Bhuí, bliainiris Ghaeltacht na nDéise, locht ar an nua-eagrán seo (An Linn Bhuí, uimhir a 2, 1998, lch. 115-118). Bhí sí den bharúil go ndearna an fear eagair thar fóir ag iarraidh cuma na nua-ré a chur ar an téacs, agus nach raibh sé sách eolach ar an gcanúint lena ceart a thabhairt di. Samplaí de na hathruithe a rinne an t-eagarthóir ná:
- amadántúlacht -> amaidí
- diúgadh -> diúrnú
- lobhadh -> lofacht
- tuireasc -> sábh
- cas -> catach
- daitheannach -> daite
- meáite -> trom
- stractha -> stróicthe
- cuibhreach an phósta -> cuing an phósta
- m'fhear pósta -> m'fhear pósta
- an nádúir -> an dúlra
- le neart taoda -> le taghd feirge
- tomanta -> diongbháilte, tréamanta, daingean
Cuireadh eagrán do dhéagóirí amach sa bhliain 1997 Dracula - Eagrán do Dhéagóirí. Is éard a bhí ann ná gearrinsint a scríobh Emmet B. Arrigan. Is í a mháthair, Mary Arrigan, a rinne na léaráidí agus Gabriel Rosenstock a d’aistrigh an leabhar go Gaeilge.