An difríocht idir athruithe ar: "Fuilchill dhearg"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: br:Eritrokit
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: gl:Eritrocito
Líne 31: Líne 31:
[[fi:Punasolu]]
[[fi:Punasolu]]
[[fr:Érythrocyte]]
[[fr:Érythrocyte]]
[[gl:Eritrocito]]
[[he:תא דם אדום]]
[[he:תא דם אדום]]
[[hi:लाल रक्त कोशिका]]
[[hi:लाल रक्त कोशिका]]

Leagan ó 17:57, 7 Iúil 2011

Fuilchealla dearga an duine (6-8μm)

Is iad na fuilchealla dearga (dá ngairtear freisin eiritricítí) an cineál ceall fola is coitianta san orgánach veirteabrach agus is iad an modh is tábhtachtaí le haghaidh ocsaigine (O2) a seachadadh go dtí na fíocháin via an sreabhadh fola tríd an gcóras imshruthaithe. Glacann siad suas ocsaigin sna scamhógageolbhaigh agus scaoileann siad í amach ina dhiaidh sin sna ribeadáin.

Bíonn cíteaplasma na bhfuilcheall dearg saibhir i haemaglóibin, bithmhóilín ina bhfuil ábhar iarainn ann agus gur féidir leo ocsaigin a chonheangal le haemaglóbin agus atá freagrach as dath dearg na fola.

I ndaoine, bíonn fuilshealla dearga aibí ar fáil mar dhioscaí déchuasacha solúbtha gan núicléas cille agus orgánaidí den chuid is mó. Táirgítear 2.4 milliún eiritricít nua in aghaidh an tsoicind. Forbraíonn na cealla sa smior agus imshruthann siad ar feadh 100-120 lá sa chorp, go dtí go mbíonn a gcomhpháirteanna athchúrsáithe ag macrafagaigh. Glacann gach imshruthú scaipeadh thart ar 20 soicind. Is fuilchealla dearga iad thart ar aon cheathrú de na cealla i gcorp an duine.