An difríocht idir athruithe ar: "Miotal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: hif:Dhaatu
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: oc:Metal (matèria)
Líne 77: Líne 77:
[[no:Metall]]
[[no:Metall]]
[[nrm:Méta]]
[[nrm:Méta]]
[[oc:Metal (matèria)]]
[[pl:Metale]]
[[pl:Metale]]
[[pnb:دعات]]
[[pnb:دعات]]

Leagan ó 10:33, 5 Iúil 2011

Miotal te.

Is éard is miotal ann ná dúil cheimiceach a bhfuil de chlaonadh inti a cuid fiúsleictreon a thabhairt uaithi, ionas go n-iompóidh an t-adamh ina ian deimhneach. I gcriostal an mhiotail féin, bíonn na fiúsleictreoin ag dul timpeall idir na hiain seo. D'fhéadfá a rá go bhfuil na hiain mhiotail ar snámh i bhfarraige na bhfiúsleictreon. Deirtear go bhfuil an criostal miotail á choinneáil le chéile ag nasc miotalach. Cuireann an nasc miotalach ar chumas na bhfiúsleictreon gluaiseacht go sciobtha ó cheann ceann an chriostail. Mar sin, bíonn na miotail ina seoltóirí maithe leictreachais agus teasa.