An difríocht idir athruithe ar: "Géineolaíocht"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: yo:Ìṣiṣẹ́àbínimọ́
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ia:Genetica
Líne 72: Líne 72:
[[hr:Genetika]]
[[hr:Genetika]]
[[hu:Genetika]]
[[hu:Genetika]]
[[ia:Genetica]]
[[id:Genetika]]
[[id:Genetika]]
[[io:Genetiko]]
[[io:Genetiko]]

Leagan ó 17:52, 28 Meitheamh 2011

ADN, bunús móilíneacha na n-oidhreachtúlachta. Mar chaslíne dhúbailte a shamhlaítear structúr aigéid núicléasaigh. Bíonn sé cosúil le dréimire solúbtha atá casta timpeall air féin arís agus arís eile.Is éard a bhíonn i gcuaillí an dréimire ná dhá shlabhra atá déanta de chodanna fosfáiteacha agus siúcrúla, ceangailte dá chéile le naisc cheimiceacha.

Is disciplín bitheolaíochta í an Ghéineolaíocht (ón Sean-Ghréigis γενετικός genetikos, "ginideach" agus ó γένεσις genesis "bunús" [1][2][3]), ina ndéantar staidéar ar oidhreacht agus éagsúlachtaí.[4][5] Bhí an fhíric go bhfaigheann orgánaigh bheo tréithe oidhreachtúla óna dtuismitheoirí úsáidte ó am réamhstairiúil chun feabhas a chur ar phlandaí agus ainmhithe trí phórú roghnaíoch. Mar sin féin, cuireadh tús leis an eolaíochta nua-aimseartha, sé sin an Ghéineolaíocht, a dhéanann iarracht tuiscint a fháil ar phróiseas an oidhreachtúlachta, le hobair Gregor Mendel i lár an naoú haois déag. [6] Cé nach raibh bun fisiciúil na hoidhreachta ar eolas aige, thug Mendel faoi deara go bhfaigheann orgánaigh tréithe trí aonaid discréideacha oidhreachtúla, a dtugtar anois géinte orthu. Fhreagraíonn na géinte do réigiúin laistigh den aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN), móilín comhdhéanta de shlabhra le ceithre chineálacha éagsúla núicléitídí - bíonn fáisnéis ghéiniteach na n-órgánach a fhaightear le hoidhreacht ionchódaithe i seicheamhna na núicléitídí seo. Tarlaíonn ADN go nádúrtha i bhfoirm chaslíne dhúbailte, le núicléitídí i ngach caslíne comhlántach ar a chéile. Is féidir le gach caslíne gníomhú mar teimpléad le haghaidh sraith comhpháirtí nua a chruthú-is é seo an modh fisiciúil ina gcóipeáilter géinte inoidhreachta. Aistríonn cealla seicheamh núicléitídí na géine chun slabhraí aimínaigéid, agus déantar próitéiní- bíonn caidreamh idir ord na n-aimínaigéad sa phróitéin agus ord na núicléitídí sa ghéin. Tugtar an cód géiniteach ar an gcomhchaidreamh áirithe seo. Socraíonn na haimínaigéid sa phróitéine an tslí ina fhilltear é i gcruth tríthoiseach; bíonn an struchtúr seo, ina dhiaidh sin, freagrach as feidhm na próitéine. Comhlíonann próitéiní na feidhmeanna go léir beagnach a bhíonn riachtanach chun beatha na gceall.

Stair

Cé gur thosaigh eolaíocht na géineolaíochta leis an obair fheidhmeach agus theoiriciúil a chur Gregor Mendel i bhfeidhm i lár an 19ú haois, cuireadh teoiricí eile chun cinn roimhe . I rith am Mhendel, bhí tóir ar choincheap na hoidhreachta cóimheasctha  : an smaoineamh go bhfaigheann daoine le hoidhreacht meascán de tréithe óna dtuismitheoirí. Bhréagnaigh obair Mhendel é seo, mar gur léirigh sé go bhfuil tréithe comhdhéanta de teaglaim de ghéinte seachas cumasc leanúnach . Bhí roinnt tacaíochta ag teoirice eile, ag an am sin, sé sin oidhreachtúlacht na dtréith fáltais: an tuairim go bhfuil na tréithe a bhi neartaithe ag a gcuid tuismitheoirí faighte le hoidhreacht ag an duine. Tá sé faighte amach anois go bhfuil an teoiric (a bhaineann go coitianta le Jean-Baptiste Lamarck) seo mícheart- níl tionchar ar bith ar thaithí na dtuismitheoirí ar na géinte a bhfaigheann a gcuid páistí. I measc teoirice eile bhí an painghineas de chuid Charles Darwin (in a raibh gnéithe fhaighte agus ó oidhreacht ann) agus an painghineas athfhoirmithe ag Francis Galton mar cáithníneach agus oidhreacht araon.

Réimsí taighde

Amlíne

Leathanaigh eile

Tagairtí

  1. Genetikos, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
  2. Genesis, Henry George Liddell, Robert Scott, "A Greek-English Lexicon", at Perseus
  3. Online Etymology Dictionary
  4. "An Introduction to Genetic Analysis" (2000). New York: W. H. Freeman. 
  5. Hartl D, Jones E (2005)
  6. "Historical study: Johann Gregor Mendel 1822–1884." (1991). American journal of medical genetics 40 (1): 1–25; discussion 26. doi:10.1002/ajmg.1320400103. PMID 1887835. 

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR