An difríocht idir athruithe ar: "Joanne Hogg"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Vicipéidiú
m Athainmníodh Joanne HOGG mar Joanne Hogg
(No difference)

Leagan ó 20:17, 31 Lúnasa 2006

Is amhránaí agus ceoltóir Éireannach í Joanne Hogg leis an mbanna Iona.

Rugadh Hogg i dTuaisceart Éireann. Tá cáil uirthi mar an phríomhamhránaí agus scríbhneoir amhrán sa ghrúpa Ceilteach/poip/raic, Iona (atá ainmnithe i ndiaidh Oileán Iona). Is as clann lena bhfuil an-suim sa leigheas í agus mar sin, thosaigh sí féin ag traenáil chun a bheith mar dochtúir.

Chuaigh Hogg go dtí Béal Feirste chun staidéar a dhéanamh ar leigheas. Nuair a bhí sí sa tríú bhliain, chan sí in Ocáid Talann na nEalaíontóirí Críostaí agus tarraingíodh aird uirthi ansin. Thosaigh sí ag obair don eagraíocht, Youth for Christ, sa Danmhairg. D’fhill sí ar an Ollscoil bliain ina dhiaidh sin chun an dá bliain a bhí fágtha aice sa leigheas a chríochnú.

Thosaigh sí ag obair san ospidéal i mBéal Feirste ach i 1988, tugadh cuireadh di grúpa ceoil a bhunadh le Dave Fitzgerald agus Dave Bainbridge. I 1989, d’éirigh sí as a bheith ag cleachtadh mar dhochtúir agus rugadh Iona. Ó shin, tá Joanne ag canadh thar timpeall na Eorpa agus Mheiriceá Thuaidh. D'éirigh go maith leis an gceol agus an banna Críostaí is mó éilimh san Eoraip anois iad Iona.

Diosclista

Tá a cuid dioscanna féin déanta ag Hogg chomh maith:

Usáidíodh a glór sna cluichí ríomhaire Xenogears (don Sony Playstation) agus Xenosaga (don Sony Playstation 2).

Naisc sheachtracha