An difríocht idir athruithe ar: "Darú (Contae Laoise)"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m →‎Spórt: Na Cláirsigh
Líne 33: Líne 33:
[[Íomhá:Durrow Bridge.JPG|thumb|Droichead ar imeall Dharú]]
[[Íomhá:Durrow Bridge.JPG|thumb|Droichead ar imeall Dharú]]
== Spórt ==
== Spórt ==
Tá club de chuid [[CLG]] sa cheantar, chomh maith le clubanna sacair agus iascaireachta.
Tá club de chuid [[CLG]], ''Na Cláirsigh'', sa cheantar, chomh maith le clubanna sacair agus iascaireachta.


== Daoine ==
== Daoine ==

Leagan ó 14:22, 20 Meitheamh 2011

Teimpléad:Ie baile infobox Is baile beag é Darú, ar a dtugtaí Darmhagh Ua nDuach tráth. Tá sé suite i ndeisceart Chontae Laoise i gCúige Laighean in Éirinn, ar bhóthar an R639 cois Uircín (craobhabhainn de chuid na Feoire).

Stair

Deirtear gur chuir Colm Cille mainistir ar bun san áit sa bhliain 546 A.D, ach is i gContae Uíbh Fhaili atá sé suite. Sa bhliain 1155 dhóigh slua Uí Lochlainn an eaglais i nDarmhagh-Ua-nDuach. Cuireadh baile de chuid na Normannach ar bun sa 13ú haois. Sa bhliain 1245 thug rí Shasana cead do Geoffrey de Turville, easpag Osraí ó 1244 go 1250, féile a chur ar bun sa tríú seachtan i mí Iúil, agus gach Déardaoin.

Darú

Sa bhliain 1659 bhí 105 teaghlach sa cheantar, a bhí faoi smacht muintir Urmhumhan. Tá eaglais Chaitliceach agus eaglais Phrotastúnach le fáil i mapa de chuid Sir William Petty ón mbliain 1685. Tugadh Darú do Chontae Chiill Chainnigh, ach sa bhliain 1846 thug Parlaimint na Breataine an ceantair do Chontae Laoise.

Bhí an-tionchar ag an MP William Flower Viscount of Ashbrook ar chruth an tsráídbhaile sa lá atá inniu ann. Thug diúc Urmhumhan an ceantar do “William Flower and his heirs, forever” ar an 19 Feabhra 1708.

Bhí stad do chóistí idir BÁC agus Corcaigh suite ag an Red Lion Hotel. Sa bhliain 1842 tháinig seirbhís laethúil Bianconi idir Mountmellick agus Cill Chainnigh i gcomharbas air.

Sa bhliain 1831 bhí 2911 duine ina gcónaí sa cheantar, agus 2977 sa bhliain 1841, de réir an daonáirimh. Bhí sé scoil sa sráidbhaile agus luaitear mar ‘small market and post village’ é.

Sa lá atá inniu ann oibríonn formhór mhuintir na háite i mbailte móra mar Chill Chainnigh agus Phort Laoise.

Sáisiún aimsire

Tá stáisiún aimsire lonnaithe i nDarú. [1] Bunaíodh i mí na Bealtaine 2008 é. Davis ProVantage 2 Station atá ann.

Droichead ar imeall Dharú

Spórt

Tá club de chuid CLG, Na Cláirsigh, sa cheantar, chomh maith le clubanna sacair agus iascaireachta.

Daoine

Chónaigh William Carrigan sa cheantar. Canónach agus staraí a bhí ann

Tagairtí

Naisc