An difríocht idir athruithe ar: "Fón póca"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: te:సెల్‌ఫోన్
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: ps:ګرځنده ټيليفون
Líne 87: Líne 87:
[[pl:Telefon komórkowy]]
[[pl:Telefon komórkowy]]
[[pnb:موبائل فون]]
[[pnb:موبائل فون]]
[[ps:ګرځنده ټيليفون]]
[[pt:Telefone celular]]
[[pt:Telefone celular]]
[[qu:Ankichiy karu rimay]]
[[qu:Ankichiy karu rimay]]

Leagan ó 05:19, 5 Meitheamh 2011

Fón póca (Samsung SGH-C200 GSM)

Saghas gutháin is ea an fón póca (nó uaireanta teileafón póca, fón siúil, guthán soghluaiste) ata soghluaiste ar feadh limistéir mhór.

Stair

Tháinig an fón póca (i mBéarla, is gnách "Cellphone" a thabhairt orthu i Meiriceá Thuaidh, agus "Mobile" in Éirinn agus sa Bhreatain) go láidir ar aghaidh sa saol sna 90í, agus anois tá gutháin soghluaiste ag formhór an daonra i go leor tíortha sa domhain forbartha (tá suas le trí mhilliún fón póca i bPoblacht na hÉireann mar a bhfuil daonra de ceithre mhilliún), chomh maith le roinnt mhór tíortha bochta. Sa ghnáthchaint tugtar fón póca orthu go hiondúil.

Gléasanna

I measc na ngléasanna is mó úsáid, tá cinn Nokia, Motorola, Samsung, Sagem, Sony Ericsonn agus Siemens. De ghnáth, cuireann comhlachtaí eile náisiúnta, agus anois idirnáisiúnta chomh maith, seirbhís ar fáil do dhaoine a thógann conradh amach leo, agus a íocann de réir an nóiméid nó a íocann praghas áirithe ar líon áirithe neomataí sa mhí. Imeasc na gcomhlacht in Éirinn a chuireann seirbhís ar fáil, tá Vodafone, O2 agus Meteor.

Is gá don gléas a bheith ullamh le gathanna a ghlacadh ón gcomhlacht guthán soghluaiste lena bhfuil conradh ag sealbhóir an ghutháin. Mar shampla, úsáideann go leor comhlachtaí san Eoraip córas GSM, ach í Meiriceá Thuaidh, ní bhaineann ach cupla cheann acu, ar nós T-Mobile, feidhm as. Is ar mhaithe le teachtaireachtaí téacs is mó a úsáideann déagóirí an fón póca agus tá an-tionchar ag na giorrúcháin a úsáideann siad ar a nósanna scríbhneoireachta.

Is minic a bhíonn ceamara mar chuid de ghuthán póca agus is féidir na grianghrafanna a sheoladh go gutháin eile nó a íoslódáil go ríomhaire. Tá cosc curtha le gutháin póca a úsáid i scoileanna agus in áiteanna eile mar gheall ar an gcur isteach a dhéanann siad ar an bpríobháideachas.

Nasc seachtrach

Teimpléad:Nasc AR