An difríocht idir athruithe ar: "An Bhrasaíl"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Meabhar (plé | dréachtaí)
aistrithe ó ´´an Bhreasail´´
 
No edit summary
Líne 1: Líne 1:
Tír i [[Meiriceá Theas]] í '''an Bhrasaíl'''. Is í an tír is mó ar an mór roinn sin. Tá daonra timpeall 180,000,000 aici. Sruthann an Amasón tríd thuaisceart na tíre, agus tá a abhanntracht ar cheann de háiteanna is tábhachtaí ar domhain maidir le dúlra, caomhnú raidhse plandaí agus ainmhithe, agus glanadh an aeir ag crainnte.
Tír i [[Meiriceá Theas]] í '''an Bhrasaíl'''. Is í an tír is mó ar an mór roinn sin agus clúdaíonn sí réimse ollmhór talún idir sléibhte na Andes agus an tAigéan Atlantach. Tá daonra timpeall 180,000,000 aici. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhanntracht ar cheann de háiteanna is tábhachtaí ar domhain maidir le dúlra, caomhnú raidhse plandaí agus ainmhithe, agus glanadh an aeir ag crainnte.

Stair
Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe Portaingéalacha i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas Pedro Álvares Cabral. Chuir Portaingéiligh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí dar le finscéalta na nGael, áit éigin amuigh sa bhfarraige mhór taobh thiar d'Éirinn. D'éirigh an siúcra an-tábhachtach mar bharra de réir a chéile agus tugadh na sluaite sclábhaí as an Afraic chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún.

Nuair a rinne Napoleon ionradh ar an Phortaingéil theith rítheaghlach na tíre sin chun na Brasaíle in 1808, agus cé gur fhill siad abhaile ar feadh tamaillín, níorbh fhada gur chuir siad fúthu go buan sa Bhrasaíl. Mar gheall ar an mbriseadh a rinne cogaí Napoleon idir an Domhan Úr agus an Eoraip bunaíodh ceangail úra le calafoirt na Breataine agus d'fhógair Dom Pedro I neamhpleáchas na Brasaíle in 1822. Bhí Impireacht ag Dom Pedro I agus II ach cuireadh poblacht ar bun in 1889.

Tháinig na milliún inimirceach chun na tíre sa naoú haois déag, a bhformhór as an Eoraip, ach roinnt acu as an Áise chomh maith. Níor mhair an daonlathas i bhfad sa tír, agus ba iad ginearáil an airm is mó a bhí i gceannas sa bhfichiú haois.

Leagan ó 16:32, 7 Nollaig 2004

Tír i Meiriceá Theas í an Bhrasaíl. Is í an tír is mó ar an mór roinn sin agus clúdaíonn sí réimse ollmhór talún idir sléibhte na Andes agus an tAigéan Atlantach. Tá daonra timpeall 180,000,000 aici. Ritheann Abhainn na hAmasóine trí thuaisceart na tíre, agus tá a habhanntracht ar cheann de háiteanna is tábhachtaí ar domhain maidir le dúlra, caomhnú raidhse plandaí agus ainmhithe, agus glanadh an aeir ag crainnte.

Stair Tá daoine sa tír le breis agus 6,000 bliain, ach ní raibh trácht uirthi sa stair go dtí gur tháinig taiscéalaithe Portaingéalacha i dtír inti sa bhliain 1500, agus iad faoi cheannas Pedro Álvares Cabral. Chuir Portaingéiligh fúthu sa tír agus ghearr siad an t-adhmad. Bhí an-tóir acu ar adhmad as an gcrann brasaíle, agus deirtear gur ainmníodh an tír as an adhmad sin. Tá an tuairim ag roinnt daoine áfach gur ainmníodh an tír as an oileán samhalta Uíbh Bhreasail, a bhí dar le finscéalta na nGael, áit éigin amuigh sa bhfarraige mhór taobh thiar d'Éirinn. D'éirigh an siúcra an-tábhachtach mar bharra de réir a chéile agus tugadh na sluaite sclábhaí as an Afraic chun na Brasaíle ar mhaithe le saothrú na talún.