An difríocht idir athruithe ar: "Russell Brand"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m Cealaíodh athruithe 67.164.23.160 (Plé); ar ais chuig leagan le Ripchip Bot
Líne 1: Líne 1:
[[Íomhá:Russell Brand 2008.jpg|thumb|Russell Brand]]
[[Íomhá:Russell Brand.jpg|thumb|Russell Brand]]
Is [[fuirseoir]], láithreoir teilifíse agus aisteoir [[Sasana]]ch é '''Russell Edward Brand'''. Rugadh é in [[Essex]] ar an [[4 Meitheamh]] [[1974]].
Is [[fuirseoir]], láithreoir teilifíse agus aisteoir [[Sasana]]ch é '''Russell Edward Brand'''. Rugadh é in [[Essex]] ar an [[4 Meitheamh]] [[1974]].



Leagan ó 18:04, 25 Aibreán 2011

Russell Brand

Is fuirseoir, láithreoir teilifíse agus aisteoir Sasanach é Russell Edward Brand. Rugadh é in Essex ar an 4 Meitheamh 1974.

Gairm

Seó grinn ar do bhoinn

Bhí a chéad seó grinn mór le rá ag Russell nuair a ghlac sé páirt i gcomórtas grinn, The Hackney Empire New Act of the Year, sa bhliain 2002. Níor bhuaigh sé ach spreag sé suim John Noel, gníomhaire a bhí i láthair ag an ocáid. Bhí a chéad turas náisiúnta aige i 2006, darbh ainm Shame, a bhí bunaithe ar scéalta náireacha a tharla in a shaol. Ó shin tá cur i láthair déanta aige i Little Britain Live agus The Secret Policeman's Ball chomh maith le turas náisiúnta eile i 2007.

Láithreach Teilifíse

Thosaigh Russell a ghairm teilifíse ar MTV ach chaill sé a phost i 2001 toisc gur ghléas sé mar Osama Bin laden an lá i ndiadh 9/11. Sa bhliain 2002 rinne sé RE:brand ar stáisiún satailíte UK Play, i ngach eagrán rinne sé gníomh sáraithe geise. Sa bhliain 2004 thosaigh sé ag láithreach ar E4 ar seó darbh ainm Big Brother's Big Mouth i 2004. D'fhág sé an clár i 2007 ach ghlac sé páirt i Big Brother Celebrity Hijack i 2008. Níor éirigh ró-mhaith le clár eile a bhí aige ar E4 darbh ainm Russell Brand's Got Issues, níor mhair sé ach do shraith amháin. Rinne sé clár grinn ar do bhoinn darbh ainm Ponderland ar Channel 4 i 2007, tosóidh an dara sraith sa gheimhreadh 2008.

Aisteoireacht

Tá aisteoireacht teilifíse déanta ag Russell sa dráma coirscéalta The Bill, chomh maith leis an gclár grinn The Abbey i 2007. Bhí a chéad ról mór le rá aige sa scannán Hollywood 2008 Forgetting Sarah Marshall, fuair sé léirmheasanna iontacha dá pháirt agus mar sin d'éirigh sé i bhfad níos cáiliúla i Meiriceá thar oíche. Bhí mionpháirt aige sa scannán Penelope sa bhliain 2007 chomh maith le ról i St. Trinians mar Flash Harry. Beidh a céad scannán eile Bedtime Stories le Adam Sandler.

Raidió

Thosaigh gairm Russell ar an raidió i 2002 ar Xfm ach chaill sé a phost toisc gur léigh sé ábhar pornagrafach ar an aer. In Aibreán 2006 fuair sé post ar BBC 6Music a bhog thall go BBC Radio 2 i mí na Samhna den bhliain céanna. Meallann an clár 2 milliún éisteoir.

Gradaim

  • PETA Europe
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2006[8]
    • Europe's Sexiest Vegetarian 2007[9]
    • World's Sexiest Vegetarian 2007[9]
  • Channel 4's 100 Greatest Stand-Ups
    • 69th in Channel 4's 100 Greatest Stand-Ups programme
  • The Sun
    • Shagger of the Year 2006
    • Shagger of the Year 2007

Obair Roghnaithe

Láithreas Teilifíse

DVDs eisithe

  • Russell Brand: Live (2006)
  • Russell Brand: Doing Life (2007)

Scannáin

Dlúthdhiosca

Leabair

  • My Booky Wook (2007)
  • Irons in the Fire (2007)
  • Articles of Faith (2008)

Tagairtí