An difríocht idir athruithe ar: "Maigh Nuad"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 15:47, 10 Nollaig 2004

Baile i gCill Dara. Bunaíodh é san 18ú haois ach ainmíodh é ó rí a bhí in Éirinn sa tréimhse réamhChríostaí darbh ainm Mogh Nuadhat. Bhí eaglaisí Críostaí sa dúiche ach níor tháinig ann don bhaile go dtí tamall fada ina dhiaidh sin. Bhí caisleán ag na Gearaltaigh i Maigh Nuad ón 12ú haois agus chuir siad coláiste, Coláiste Mhuire, ar bun i 1518, ach dúnadh é sin nuair a tháinig an tAthrú Creidimh agus ionradh na dTúdor ar Éirinn. Ba iad Gearaltaigh Chill Dara an chlann Normannach ba chumhachtaí in Éirinn, agus nuair nach raibh rí Shasana in ann iad a chur faoi smacht, thug siad ceannas dóibh ar an tír.

Bunaíodh cliarscoil i Maigh Nuad sa bhliain 1795 chun fir óga a oiliúint mar shagairt Chaitliceacha. Go dtí sin bhí orthu dul thar lear agus ba léir do na húdaráis go raibh tionchar Frith-Shasanach ag an oideachas a fuair siad sa Spáinn agus sa Fhrainc orthu féin agus ar na tuataigh. Chruthaigh Réabhlóid na Fraince deacrachtaí don Eaglais in Éirinn mar gur dúnadh cliarscoileanna agus coláistí Caitliceacha ansin. Tugadh postanna do scoláirí Francacha sa choláiste nua. D'fhás an coláiste seo go mear agus meastar gur oileadh os cionn 11,000 sagart ann idir a bhunú agus an lá inniu. Bhíodh idir 500 agus 600 mac léinn ag freastal air de ghnáth. Tugadh aitheantas do Choláiste Mhaigh Nuad mar choláiste ollscoile in Ollscoil na hÉireann sa bhliain 1910, rud a leathnaigh an réimse ábhar a múineadh ann. I 1966 tugadh cead mhic léinn tuata clárú sa choláiste agus d'fhás a líon go os cionn 5,000.

Feidhmíonn Maigh Nuad anois mar bhaile suain do mhórchathair Bhaile Átha Cliath agus tá an-chuid tithe tógtha timpeall air.