An difríocht idir athruithe ar: "Úrscéal"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
(No difference)

Leagan ó 16:33, 26 Deireadh Fómhair 2004

Is iomaí sainmhíniú a thugtar ar an bhfocal úrscéal, agus is iomaí leabhar agus alt atá scríofa faoi. Maítear gur cineál nua litríochta é a tháinig chun cinn tar éis an Renaissance, le Don Quixote, a scríobh an Spáinneach Miguel de Cervantes Saavedra sa séú haois déag, agus gur bhláthaigh sé ar feadh na gcéadta bliain ó shin go háirithe sa Fhraincis, sa Rúisis, agus sa Bhéarla. Ach tá sé ráite freisin gur féidir úrscéalta ar leabhair ar nós an Satyricon, a scríobh comhairleoir an impire Nero, Petronius, timpeall na bliana 61AD. Is é an sainmhíniú is simplí is féidir a thabhairt ar úrscéal ná saothar ficsin ina bhfuil aontas plota agus carachtar agus é fada go leor le cur i gcló mar leabhar. Áirítear gurb é Deoraíocht (1904) le Pádraic Ó Conaire an chéad úrscéal nua-aimseartha sa Ghaeilge, scéal faoi dheoraí Éireannach i Londain Shasana agus na heachtraí a bhain dó tar éis dó cúpla ceann dá ghéaga a chailliúint i dtimpiste. Scéal dorcha faoi choimhthíos agus faoi fhearg a chuir tús le litríocht nua-aimseartha na Gaeilge. Dhírigh cuid mhaith d'úrscéalaithe na Gaeilge ar léiriú idéalach maoithneach a thabhairt de shaol na Gaeltachta, daoine ar nós Pádraig Óg Ó Conaire, Seán Ó Ruadháin, Séamus Ó Grianna agus scríbhneoirí Gaeltachta eile. Thug scríbhneoirí eile, Piaras Béaslaí, Éamonn Mac Giolla Iasachta, agus Seán Óg Ó Caomhánach faoi nithe seachas tírghrá agus saol traidisiúnta na tuaithe a léiriú ach ba bheag an rath a bhí ar a gcuid iarrachtaí agus is beag duine a léann a saothar anois.

Carachtair gan doimhneacht ag maireachtáil de réir pisreoga, tairngreachtaí agus seanchas a bhí i scéalta Shéamais Uí Ghrianna ach san úrscéal is fearr a scríobh sé, Bean Ruadh de Dhálach (1966) tá carachtar mná a bhriseann leis an dúchas agus a théann a bealach féin, duine neamhpleách láidir atá breá ábalta seasamh in aghaidh choinbhinsin a comhluadair. Ba é deartháir Shéamais, Seosamh Mac Grianna, áfach an té a scríobh an saothar ba mhó indibhidiúlacht i lár na haoise seo caite, é go mór faoi thionchar Phádaic Uí Chonaire. Is é An Droma Mór, a bhí scríofa i 1934 ach nár foilsíodh go dtí 1969, an t-úrscéal is tábhachtaí ó pheann Sheosaimh, léargas ar bhaile beag tuaithe ag dul i ngleic leis na hathraithe polaitiúla agus cultúrtha a tháinig le gluaiseacht na saoirse, le carachtair réadúla a nochtann a laige agus a neart.

Tháinig Máirtín Ó Cadhain chun cinn mar scríbhneoir i ndeireadh na 1930í agus áirítear a úrscéal, Cré na Cille, ar an saothar próis is cumasaí a scríobhadh sa Ghaeilge lena linn. Is féidir cuid de na scéalta fada a chum sé, ach a foilsíodh i gcnuasaigh le scéalta eile, a áireamh mar úrscéalta chomh maith, go háirithe Fuíoll Fuine, eachtra fir a bhfuil a bhean díreach tar éis bás a fháil.

I measc daoine eile a scríobh úrscéalta bhí Séamus Ó Néill, a rinne iarracht saol na cathrach a léiriú ach nár éirigh leis carachtair sách domhain a chruthú, agus Tarlach Ó hUid, scríbhneoir ionraic a bhí teoranta ó thaobh teanga agus samhlaíochta.

Úrscéalta domhaine machnamhacha iad 'Néall Maidne agus Tine Oíche'(1964), agus 'An Branar gan Cur'(1979) a scríobh Breandán Ó Doibhlin. Thug Eoghan Ó Tuairisc faoin úrscéal stairiúil le 'L'Attaque', sárinsint ar eachtraí feirmeora as Maigh Eo a ghlacann páirt in Éirí Amach 1798, agus 'Dé Luain' (1966) iarracht ar an chéad lá d'Éirí Amach 1916 a athchruthú trí shruthanna machnaimh na bpríomhcharachtar.

Is é 'Fonn a Níos Fiach' (1978) an saothar is fearr de chuid Phádraig Uí Mhaoileoin, fear a scríobh 'Bríde Bhán' freisin.

Tá saothar an scríbhneora Diarmaid Ó Súilleabháin an-dúshlánach, go háirithe 'Caoin tú Féin'(1967), 'An Uain Bheo' (1968), Maeldún (1972) agus 'Lá Breá Gréine Buí' (1984). Chuaigh Ó Súilleabháin i ngleic leis an saol comhaimseartha agus é faoi thionchar mhórscríbhneoirí a linne san Eoraip.

Scríbh Séamas Mac Annaidh trí úrscéal comhaimseartha ina bhfuil meascán den ghreann chomhfhiosach agus den dianléargas ar shaol a linne, 'Cuaifeach mo Londubh Buí' an chéad cheann agus an ceann is fearr díobh.

Is liosta le háireamh iad na húrscéalta agus na scríbhneoirí eile sa Ghaeilge, agus cuirfear leis an alt seo ar ball.