An difríocht idir athruithe ar: "Cosacaigh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag mionathrú: cu:Коꙁаци
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: eu:Kosako
Líne 57: Líne 57:
[[es:Cosaco]]
[[es:Cosaco]]
[[et:Kasakad]]
[[et:Kasakad]]
[[eu:Kosako]]
[[fa:قزاق]]
[[fa:قزاق]]
[[fi:Kasakat]]
[[fi:Kasakat]]

Leagan ó 10:57, 27 Márta 2011

Bainis Chosacach le Józef Brandt

Tugtar Cosacaigh ar threibheacha áirithe Slavacha a raibh cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus san Úcráin. Is deacair a rá, cé acu grúpa eitneach nó aicme shóisialta atá iontu. Ar dtús, ba scológa bochta iad a bhí míshásta leis an dóigh a rabhthas á ndúshaothrú sa Rúis. Mar sin, d'éalaigh siad ó bhráca na dtiarnaí talún agus chuaigh siad le fánaíocht i machairí móra an deiscirt. Creidtear gur cuireadh síol leis an gcultúr Cosacach sna meánaoiseanna, ach níor thrácht na foinsí staire orthu roimh an gceathrú haois déag.

Tugtar marcshluanna ar na dreamanna éagsúla de Chosacaigh, ar nós Marcshlua Zaporizhia, Marcshlua Don, Marcshlua Terek agus Marcshlua Ural. Chuala muintir Iarthar na hEorpa an chéad iomrá ar na Cosacaigh i lár na seachtú haois déag, nuair a d'éirigh Cosacaigh Zaporizhia faoi cheannas Bogdan Chmielnicki amach in aghaidh chumhacht na Polainne agus na Liotuáine san Úcráin.

Chuir na Cosacaigh eagar míleata orthu féin, rud a chiallaigh nach raibh na stáit áitiúla - an Pholainn, an Rúis agus Cánacht na Crimé - ábalta greim a fháil orthu. Bhí siad ag maireachtáil sna machairí móra mar shluaite leath-neamhspleácha armtha. Uaireanta, bhí siad sásta comhoibriú leis na Polannaigh nó leis na Rúisigh, ach uaireanta eile, d'éirigh siad amach in aghaidh na dtiarnaí iasachta seo. I rith na naoú haoise déag, áfach, bhí na hImpirí Rúiseacha in ann a gcumhacht a chur i bhfeidhm ar na Cosacaigh, cé go bhfuair siad a lán pribhléidí ina éiric sin. Bhí siad díolmhaithe ón gcáin go hiomlán. Bhain na hImpirí úsáid astu mar scothaicme saighdiúirí agus le críocha nua a thabhairt chun míntíreachais, go háirithe sa tSibéir.

Chuaigh na Cosacaigh i líonmhaireacht go déanach sna Meánaoiseanna, nuair a bhí na seirfigh Úcráineacha agus Rúiseacha ag teitheadh óna dtiarnaí talún le triail a bhaint as saol an Chosacaigh. Sa deireadh thiar thall, áfach, d'iompaigh na Cosacaigh ina saighdiúirí in arm Impireacht na Rúise, agus iad ag coimheád teorainneacha na hImpireachta. Is mar ghardaí teorann agus mar shearbhóntaí de chuid an Impire anlathaigh sin is mó a aithníonn muintir an Iarthair na Cosacaigh, agus is le tíorántacht na hImpireachta a shamhlaítear iad – íomhá atá bun os cionn ar fad le clú na gCosacach sa Rúis féin.

Ghreamaigh íomhá rómánsúil na saoirse agus na heachtraíochta de na Cosacaigh go dtí an lá inniu, rud atá le haithint ar litríocht na Rúise agus na hÚcráine. Tá iarsmaí na gCosacach i Rúis an lae inniu eagraithe ina marcshluaite arís, agus iad ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe ag tacaíocht le páirtithe agus dreamanna náisiúnaíocha. Níl údaráis na Rúise sásta stádas an ghrúpa eitnigh a bhronnadh ar na Cosacaigh go hoifigiúil, áfach.

Throid na Cosacaigh Rúiseacha in Arm na Rúise ina lán cogaí i rith na hochtú is na naoú haoise déag. Le linn Chogadh Cathartha na Rúise, bhí Cosacaigh ag troid ar an dá thaobh, san Arm Bán chomh maith leis an Arm Dearg. Bhí na Cosacaigh cois Don ar ceann de na dreamanna ba mhó a chuir in aghaidh na mBoilséavach. Mar sin féin, cuireadh reisimintí Cosacacha ar bun arís roimh an Dara Cogadh Domhanda.

Inniu, tá traidisiún na gCosacach á athbheochan i ndeisceart na Rúise. Faoi láthair, tá timpeall is 150,000 duine ar fiannas míleata in aonaid armtha na gCosacach, agus na milliúin duine ag dearcadh orthu féin mar Chosacaigh eitneacha.

Is iad na teangacha is mó a shamhlaítear leis na Cosacaigh ná an Rúisis agus an Úcráinis. Bhí canúint, téarmaí agus focail dá gcuid féin ag na Cosacaigh sa dá theanga, áfach.

An Focal ”Cosacach”

Fuair an Ghaeilge an focal sin ”Cosacach” ón mBéarla, ní nach ionadh. Tháinig sé go dtí an Béarla agus ón bhFraincis tríd an bPolainnis agus an Úcráinis, ach is focal Tuircice é ar dtús, qazaq, nó kazak i dTuircis an lae inniu. ”Eachtránaí” nó ”fear saor” is brí leis an bhfocal ó thús.

Stair

Níl a fhios ag aon duine cathain a thosaigh na treibheacha Slavacha ag cur fúthu san Úcráin agus i ndeisceart na Rúise cois na n-aibhneacha móra úd Don agus Dniepr. Ní dócha gur tharla sé roimh an tríú haois déag, áfach. San am sin, chloígh na Mongólaigh cumhacht na gCúmánach agus na dtreibheacha Turcacha eile sna bólaí sin. Cibé scéal é, an sórt saol a bhíodh ag na Cosacaigh i ndeisceart na Rúise, ní rud é a rith leo féin, nó dealraíonn sé go raibh siad ag déanamh aithris ar nósanna na gCúmánach agus na Siorcásach. Is dealraitheach gur tháinig na chéad ”phróta-Chosacaigh” ar an bhfód faoi lár na tríú haoise déag san áit a bhfuil an Úcráin inniu. Tráchtann na croinicí Rútaenacha sa bhliain 1261 ar dhornán de Shlavaigh a raibh cónaí orthu idir na haibhneacha úd Dniestr agus Volga. Is deacair teacht ar eolas stairiúil faoi na Cosacaigh a bheadh ní ba sine ná an séú haois déag, áfach. Rud deimhin é gur thúg Cosacaigh Don pictiúr naofa den Mhaighdean Muire do Dmitry Donskoy sa bhliain 1380. An cineál sochaí a bhí ag na Cosacaigh sa chúigiú haois déag, deir na foinsí comhaimseartha gur cónaidhm scaipthe de phobail neamhspleácha a bhí ann. Ba mhinic a bhí na pobail seo á n-iompar mar a bheadh airm bheaga áitiúla iontu, agus iad beag beann ar fad ar na stáit ina dtimpeall, cosúil le Ard-Diúcacht Mhoscó, leis an bPolainn, nó le Cánacht na Crimé.

Le teacht na séú haois déag, chuaigh na pobail bheaga Chosacacha le chéile le dhá mhóreagraíocht neamhspleácha réigiúnda a chruthú. Fágadh dornáin bheaga de Chosacaigh neamhspleácha taobh amuigh de na móreagraíochtaí, áfach. B'iad an dá ghrúpa seo ná:

  • Cosacaigh Zaporizhia, nó na Cosacaigh Úcránacha timpeall na habhann úd Dnipro. Thug siad Sich ar a bpríomhchathair dhaingnithe. Nuair a shínigh siad conradh leis na Polannaigh sa bhliain 1649, tugadh aitheantas foirmeálta dóibh mar stát ar leith - Marcshlua Zaporizhia.
  • Cosacaigh Don. Bhí cónaí orthu seo cois na habhann úd Don, idir Ard-Diúcacht Mhoscó agus na stáit Nogaecha, a bhí dílis d'Impireacht Otamánach na Tuirce. B'í Cherkassk príomhchathair na gCosacach seo ar dtús. Níos déanaí, hathraíodh go Novocherkassk ("Cherkassk Nua") í.

Níl an oiread sin iomrá ar na Cosacaigh Polannacha ná ar na Cosacaigh Thataracha, nó Nağaybäklär. "Cosacaigh" (Kozacy) a thugtaí ar mharcshlua éadrom de chineál ar leith in Aontas na Polainne is na Liotuáine.