An difríocht idir athruithe ar: "Proinsias Mac an Bheatha"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
MacTire02 (plé | dréachtaí)
alpha
Líne 19: Líne 19:
* Jemmy Hope
* Jemmy Hope


{{DEFAULTSORT:Bheatha, Proinsias Mac an}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Mac an Bheatha, Proinsias]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha]]

Leagan ó 13:42, 23 Márta 2011

Scríbhneoir Gaeilge ab ea Proinsias Mac an Bheatha. Bhí lámh aige i mbunú an nuachtáin Ghaeilge Inniu i 1943, agus é ina dhuine de bhunaitheoirí Ghlúin na Buaidhe freisin, i ndeireadh na bliana 1942. Is iad beathaisnéis Shéamuis Uí Chonghaile Tart na Córa (1962), an díolaim aistí Seosamh Mac Grianna agus cursaí eile (1970) agus an t-úrscéal stairiúil Cnoc na hUamha na leabhair is tábhachtaí a tháinig óna pheann. Scríobh sé leabhair dírbheathaisnéise freisin, Téid focal le Gaoth (1967) agus Téann buille le cnámh(1983), chomh maith le I dTreo na Gréine (1988), leabhar aistí dírbheathaisnéisiúla ina dtugann sé cur síos ar stair na hirise Inniu agus ar an dóigh ar tháinig deireadh léi. Is é is ábhar don leabhar staire Dóchas Aduaidh ná bunú na nÉireannach Aontaithe. Rinne sé taighde ar dhuine de laochra an Éirí Amach sa bhliain 1798, Jemmy Hope, agus tháinig an leabhar Jemmy Hope - an Chéad Sóisialaí Éireannach i gcló sa bhliain 1985 . Bhí an-mheas aige ar scríbhneoirí Thír Chonaill mar Shéamus Ó Grianna, agus ar feadh tamaill, bhí sé mór lena dhearthair Seosamh Mac Grianna. Bhí sé ag iarraidh aithris a dhéanamh ar stíl scríbhneoireachta na beirte sin ina chuid saothar féin. Ní raibh an Ghaeilge ó dhúchas aige féin, nó rugadh is togadh sna Sé Chontae é go dtí go raibh sé ina dhéagóir.

Tá cartlann de chuid Mhic an Bheatha le fáil do scoláirí "bona fide" i Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin, Ollscoil na hEireann, Gaillimh: http://archives.library.nuigalway.ie/cgi-bin/tabbedlist.cgi?G40.

Saothar

  • Dóchas Aduaidh. Bunú na nÉireannach Aontaithe 1791. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1991.
  • Henry Joy agus Véarsaí Eile. Coiscéim, Baile Átha Cliath 1992
  • I dTreo na Gréine. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Cathair na Mart, gan dáta
  • Cnoc na hUamha. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Baile Átha Cliath 1978
  • Irish for the People
  • Tart na Córa
  • Téid Focal le Gaoth
  • Seosamh Mac Grianna agus Aistí Eile
  • An Faoileán Bán
  • James Connolly and the Workers' Republic
  • Roth an Mhuilinn
  • Téann Buille le Cnámh
  • An Earnáil agus an Ghaeilge
  • Mé Féin agus an Gairdín
  • Jemmy Hope