An difríocht idir athruithe ar: "Impireacht na Róimhe"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: fo:Rómverjaríkið
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: bs:Rimska imperija
Líne 88: Líne 88:
[[bn:রোমান সাম্রাজ্য]]
[[bn:রোমান সাম্রাজ্য]]
[[br:Impalaeriezh roman]]
[[br:Impalaeriezh roman]]
[[bs:Rimska Imperija]]
[[bs:Rimska imperija]]
[[ca:Imperi Romà]]
[[ca:Imperi Romà]]
[[ceb:Imperyong Romano]]
[[ceb:Imperyong Romano]]

Leagan ó 18:55, 22 Márta 2011

Is gnách Impireacht na Róimhe a thabhairt ar thréimhse an rialtais uathlathaigh i stair na sibhialtachta sean-Rómhánaí. Tháinig ré na hImpireachta i ndiaidh na Poblachta Rómhánaí, a mhair an leathmhílaois ón mbliain 510 r. Chr. go dtí an aois dheireanach r. Chr. Ba é ba chúis le deireadh na Poblachta ná an lagú a tháinig ar fhorais agus ar thraidisiúin na Poblachta de dheasca na coimhlinte idir Gaius Marius agus Lucius Cornelius Sulla, agus, ina dhiaidh sin, de dheasca an chogaidh chathartha idir Iúil Caesar agus Pompeius. Is féidir tús na hImpireachta a dhátáil go héagsúil. Deir daoine áirithe gur tháinig deireadh leis an bPoblacht nuair a bhain Iúil Caesar amach an bhuandeachtóireacht (44 r.Chr.), ach is féidir a mhaíomh freisin gurbh é an lá ceart an lá ar chloígh Octavianus, oidhre Chaesar, a chuid naimhde i gCath Actium ar an 2 Meán Fómhair 31 r.Chr., nó an lá ar bhronn Seanad na Róimhe an t-ainm úd Ágastas air.

Go bunúsach, is é is brí leis an nath Laidine Imperium Romanum ná "na tailte atá faoi smacht ag an Róimh" - is é sin, tá an focal úd imperium (cumhacht, údarás pearsanta) ag tagairt do na críocha féin atá i gceist. Sroicheann an impireacht a fhad is a thugtar aird ar imperium an Impire. Ó ré Ágastais go dtí an lá ar thit an leath Iartharach den Impireacht as a chéile faoi thionchar Imirce Mhór na Náisiún, Ba í an Róimh an ríocht ba mhó cumhachta, daonra agus achair in Iarthar na hEoráise agus i dTuaisceart na hAfraice. Thosaigh an Róimh ag dul i bhfairsinge i bhfad sular tháinig an mhonarcacht i leaba na poblachta, agus shroich sí barr a fairsinge i ré an Impire Traianus, nuair a cloíodh an Dáicia (i Rómáin an lae inniu) sa bhliain 106. San am sin, bhí timpeall is 5,900,000 ciliméadar cearnacha de thailte faoi smacht na Róimhe. D'fhág an Róimh a sliocht ar chultúr, ar dhlí, ar theicneolaíocht, ar ealaíne, ar theangacha, ar reiligiún, ar rialtas, ar fhórsaí armtha, agus ar ailtireacht na sibhialtachtaí a tháinig i gcomharbas uirthi, agus is féidir a rá go gcaitheann an Róimh a scáth orainn inniu féin.

Go traidisiúnta, glactar leis gur tháinig deireadh le hImpireacht na Róimhe ar an 4 Meán Fómhair 476, nuair a cuireadh Impire deireanach Iarthar na Róimhe, Romulus Augustus nó "Augustulus", as cumhacht, gan aon duine a ghlacfadh an ríchathaoir ina dhiaidh. Mar sin féin, Ba é Diocletianus, a tharraing siar ó chúrsaí an rialtais sa bhliain 305, an tImpire deireanach a bhí ag rialú na hImpireachta ina aonar ó chathair na Róimhe. I ndiaidh a lae, scar dhá leath na hImpireachta - leath na Róimhe agus leath Chathair Chonstaintín - as a chéile, agus an bheirt acu ag tabhairt "Impireacht na Róimhe" orthu féin. Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Forbairt na hImpireachta

Go traidisiúnta, aithníonn na staraithe dhá thréimhse i stair na hImpireachta, is é sin, an Phrionsacht (nó principatus, ón bhfocal princeps, is é sin, "an chéad saoránach"), a mhair ó ré Ágastais go dtí Géarchéim na Tríú hAoise, agus an Tiarnacht (bunaithe ar an bhfocal dominatus, a thagann ó dominus, tiarna), a thosaigh nuair a tháinig Diocletianus i gcumhacht agus a chuaigh in éag le hImpireacht na Róimhe Iartharaí. I mblianta na Prionsachta, coinníodh cuma na poblachta ar an impireacht, agus na forais phoblachtacha i bhfeidhm i gcónaí. Nuair a tháinig an Tiarnacht ar an bhfód, áfach, níor sparáladh ar thaispeántas feiceálach na cumhachta, ar chorónacha óir ná ar dheasghnáthaí impiriúla. Níos deireanaí, shocraigh na staraithe nach raibh an scéal chomh simplí sin: fágadh foirmeacha stairiúla áirithe ó laethanta na poblachta Rómhánaí beo thar na haoiseanna go dtí an Impireacht Bhiosántach féin, agus chuirtí an mhórgacht impiriúil ar taispeántas go galánta i dtús ré na himpireachta féin.

An Chéad Impire: Ágastas

Ba é Ágastas (Gaius Julius Caesar Octavianus roimh an bhliain 27 r. Chr) an chéad Impire Rómhánach.

Tháinig Ágastas i gcomharbas ar Iúil Caesar. Chuir Ágastas deireadh leis na cogaí cathartha a bhí á gcur sa Róimh ó laethanta Iúil Caesar anuas, agus bhunaigh sé rítheaghlach na Séasar. Thug sé le tuiscint nach raibh sé ach ag iarraidh Poblacht na Róimhe a thabhairt ar ais agus a atógáil, ach le fírinne, is é an rud a rinne sé ná an phoblacht sin a iompú ina himpireacht oidhreachtúil. Fuair sé bás ar 19 Lúnasa AD 14.

Rítheaghlach Iúil agus Claudius

Tiberius

Tháinig Tiberius i gcomharbacht ar Ágastas (leanbh uchtaithe de chuid Ágastais ab ea Tiberius).

Caligula

Tháinig Caligula i gcomharbacht ar Tiberius. Nuair a bhí an chéad bhliain dá thréimhse ina Impire ag druidim chun deireanais, tháinig tinneas air, agus deir na staraithe go raibh sé as a mheabhar ina dhiaidh sin. Bhí ráflaí ann ag an am go raibh sé ag bualadh craicinn lena chuid deirfiúracha agus gaireadh bandia dá dheirfiúr Drusilla nuair a fuair sí bás go tobann sa bhliain 38. D'ordaigh Caligula go dtógfaí dealbha de ar fud na hImpireachta, rud a chuir olc ar na Giúdaigh nuair a tógadh dealbh i lár an teampaill in Iarúsailéim. Mharaigh an Garda Praetóireach é i ndeireadh Mhí Eanáir sa bhliain 41.

Claudius

Ba uncail le Caligula é Claudius.

Nearó

Ba é Nearó, nó Nero Claudius Caesar Augustus Germanicus, a saolaíodh faoin ainm Lucius Domitius Ahenobarbus, ar a dtugtaí Nero Claudius Caesar Drusus Germanicus freisin, (15 Nollaig 37 - 9 Meitheamh 68) an cúigiú hImpire ar Impireacht na Róimhe. Tá clú air mar gheall ar an bhfinscéal gur sheinn sé ar an bhfidil agus an Róimh ag dul trí thine. Thairis sin, bhí sé ar duine de na hImpirí ba mhó a rinne géarleanúint ar na Críostaithe i stair na hImpireachta.

Ceannaircí agus Bliain an Cheathrair Impirí

Thosaigh cogadh cathartha san impireacht. Chuir Nearó lámh ina bhás féin sa bhliain 68. Sa bhliain 69, bhí an Impireacht faoi smacht ag Galba, Otho, Vitellius agus Veaspáisian i ndiaidh a chéile. Mar sin, tugtar Bliain an Cheathrair Impirí at 69.

Rítheaghlach Flavius

Veaspáisian

Nuair a tháinig deireadh le Bliain an Cheathrair Impiri, bhí an Impireacht faoi smacht ag Vespasianus, agus d'éirigh leis deireadh a chur leis an gcogadh cathartha.

Titus

Domitianus

Rítheaghlach Antoninus

Nerva

Traianus

Hadrianus

Antoninus Pius

Marcus Aurelius

Commodus

Rítheaghlach Severus

Septimius Severus, Caracalla, Macrinus, Elagabalus, Alexander Severus.

Géarchéim na Tríú hAoise

Ar éigean nár tháinig deireadh leis an Impireacht le linn na tréimhse seo (idir 235 agus 284).

Críochdheighilt na hImpireachta

Clann Chonstaintín

Iulianus agus Iovianus

Rítheaghlach Valentinianus

Athaontú faoi Theodosius

Meath an Iarthair

Deireadh na Róimhe Iartharaí

Athbheochan an Iarthair - Impireacht Naofa na Róimhe

Impireacht an Oirthir - an Impireacht Bhiosántach

Chuaigh Impireacht Iarthar na Róimhe in éag i rith na cúigiú haoise, ach mhair an leath Oirthearach - an Impireacht Bhiosántach, mar is gnách a thabhairt uirthi inniu - go dtí an bhliain 1453, nuair a chuir na Turcaigh Otamánacha de dhroim an tsaoil í. Choinnigh na Biosántaigh cultúr agus dlí na sibhialtachta Gréagaí agus Rómhánaí beo ina measc, chomh maith leis an gCríostaíocht Heilléineach agus Cheartchreidmheach, ach níor mhair an Laidin ina mbéal, nó b'fhearr leo an Ghréigis, a bhí á labhairt go fairsing mar chineál francbhéarla in Oirthear na hImpireachta le fada.

Teanga

Laidin, agus Gréigis san Oirthear

Oidhreacht

Teanga, litríocht, rialtas, dlíthe, ailtireacht, innealtóireacht, leigheas, spórt, ealaíona, eolaíocht.

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR