An difríocht idir athruithe ar: "Ollscoil Pittsburgh"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
MystBot (plé | dréachtaí)
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: ru:Университет Питтсбурга
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: ru:Университет Питсбурга
Líne 28: Líne 28:
[[pt:Universidade de Pittsburgh]]
[[pt:Universidade de Pittsburgh]]
[[ro:Universitatea Pittsburgh]]
[[ro:Universitatea Pittsburgh]]
[[ru:Университет Питтсбурга]]
[[ru:Университет Питсбурга]]
[[simple:University of Pittsburgh]]
[[simple:University of Pittsburgh]]
[[sv:University of Pittsburgh]]
[[sv:University of Pittsburgh]]

Leagan ó 04:04, 22 Márta 2011

Ardeaglais an Léinn, ag Ollscoil Pitt, an foirgneamh oideachais is mó sa leathsféar thiar.

Ollscoil thaighde atá ceangailte le Stát Pennsylvania is ea Ollscoil Pittsburgh nó "Pitt", mar a thugtar uirthi go coitianta. Tá an scoil suite in Oakland, comharsanacht de chuid Pittsburgh, in iarthar an stáit úd. Acadamh Phittsburgh a tugadh ar an scoil i ndiaidh a bunaithe sa bhliain 1787 in iargúl Mheireacá ar an teorainn idir an cine geal agus na Bundúchasaigh. Ollscoil Iarthar Phennsylvania (Western University of Pennsylvania) a tugadh uirthi ón bhliain 1819 go 1908, nuair a bhfuair an scoil an t-ainm atá uirthi inniu. Institiúid léinn phríobháideach í go dtí an bhliain 1966.

Aithnítear Ollscoil Pittsburgh go minic as feabhas an taighde agus as caighdeán shaol na mac léinn atá ann. Tá clú freisin ar an ollscoil as a gcuid cláracha spórt. Éiríonn le foirne spórt Pitt go rialta ar leibhéal náisiúnta. Tá campas 132 acra (0.53 km²) ag an ollscoil. Tá 4,686 duine ar an fhoireann acadúil sa scoil agus tá 28,328 mac léinn ag déanamh staidéir ann (18,031 fochéimí agus 10,297 iarchéimí). Bhí ról lárnach ag Ollscoil Pittsburgh i bhforbairt an vacsaín polaimiailítis.