An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 3: Líne 3:
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar Éirinn''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.<ref>[http://www.nui.ie/eigse/pdf/vol35/eigse35.pdf "A review of some placename material from ''Foras Feasa ar Éirinn''"], Diarmuid Ó Murchadha, ''Éigse'', A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.</ref>


I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an [[An Fhrainc|bhFrainc]] faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste [[Éire|Éireannach]] i m[[Bordeaux]] a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le [[Diagacht]] ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Rinneadh sagart paróiste de i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an [[An Fhrainc|bhFrainc]] faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste [[Éire|Éireannach]] i m[[Bordeaux]] a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le [[Diagacht]] ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
[[File:Knockgraffon Motte, New Inn, County Tipperary.jpg|thumb|200px|deas|Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.]]
[[File:Knockgraffon Motte, New Inn, County Tipperary.jpg|thumb|200px|deas|Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.]]
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle [[Caitliceach]]a na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle [[Caitliceach]]a na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.

Leagan ó 01:20, 22 Márta 2011

Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea Seathrún Céitinn. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i dTiobraid i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh.

Eaglais St Pierre: cuid de sheanchathair Bordeaux mar a bhí le linn an Chéitinnigh.

Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.[1]

I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste Éireannach i mBordeaux a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le Diagacht ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Ceapadh é mar shagart paróiste i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.

Cuid de Chnoc Rafann, mar a raibh an Céitinneach ina shagart paróiste.

Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle Caitliceacha na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.

A shaothar

B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Eisean a scríobh Foras Feasa ar Éirinn, saothar a chríochnaigh sé sa bhliain 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiún a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótálta eile dá chuid ba ea Trí Bhior-ghaoithe an Bháis.

Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.

Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá Óm sceol ar ardmhagh Fáil agus A Bhean lán de Stuaim.

Tagairtí

  1. "A review of some placename material from Foras Feasa ar Éirinn", Diarmuid Ó Murchadha, Éigse, A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.

Féach freisin

  • Cunningham, Bernadette (2000). The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland. Baile Átha Cliath.
  • Keating, Geoffrey. Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. Cumann na Scríbheann nGaedhilge, Londain 1902-14.
  • Keating, Geoffrey. Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death . Robert Atkinson (eag.), LL.D. Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1890.
  • Geoffrey Keating Stories from Keating's History of Ireland edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy (Baile Átha Cliath: 1981)
  • Keating, Geoffrey. Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies). Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, Baile Átha Cliath 1900.
  • Keating, Geoffrey. Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass. Patrick O'Brien (eag.), Baile Átha Cliath: 1898.

Nasc seachtrach