An difríocht idir athruithe ar: "Seathrún Céitinn"
Guliolopez (plé | dréachtaí) Naisc |
Eomurchadha (plé | dréachtaí) |
||
Líne 19: | Líne 19: | ||
==Féach freisin== |
==Féach freisin== |
||
*Cunningham, Bernadette (2000). ''The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland''. |
*Cunningham, Bernadette ([[2000]]). ''The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland''. [[Baile Átha Cliath]]. |
||
*Keating, Geoffrey. ''Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland''. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. |
*Keating, Geoffrey. ''Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland''. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. [[Cumann na Scríbhinn nGaedhilge]], Londain [[1902]]-14. |
||
*Keating, Geoffrey. ''Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death ''. Robert Atkinson (eag.), LL.D. |
*Keating, Geoffrey. ''Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death ''. Robert Atkinson (eag.), LL.D. [[Acadamh Ríoga na hÉireann]], Baile Átha Cliath, [[1890]]. |
||
*Geoffrey Keating ''Stories from Keating's History of Ireland'' edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy ( |
*Geoffrey Keating ''Stories from Keating's History of Ireland'' edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy (Baile Átha Cliath: [[1981]]) |
||
*Keating, Geoffrey. ''Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies)''. Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, |
*Keating, Geoffrey. ''Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies)''. Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, Baile Átha Cliath [[190]]0. |
||
*Keating, Geoffrey. ''Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass''. Patrick O'Brien (eag.), |
*Keating, Geoffrey. ''Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass''. Patrick O'Brien (eag.), Baile Átha Cliath: [[1898]]. |
||
== Nasc seachtrach == |
== Nasc seachtrach == |
Leagan ó 00:52, 22 Márta 2011
Sagart, file agus staraí de chuid an 17ú haois ba ea Seathrún Céitinn. Rugadh é i gContae Thiobraid Árann timpeall na bliana 1569 agus cailleadh timpeall na bliana 1644. Tá a uaigh le fáil i dTiobraid i bparóiste Bhéal Átha Lúbaigh.
Síleadh go dtí le déanaí gur rugadh an Céitinneach sa Bhuiríos i gContae Thiobraid Árann, ach de réir na taighde is nua is dócha gur i gCaisleán Bhaile na Móna i bparóiste Inis Leamhnachta a rugadh é.[1]
I Mí na Samhna 1603 bhí sé ar dhuine den daichead mac léinn a thug a n-aghaidh ar an bhFrainc faoi chúram an Athar Diarmaid Mac Cárthaigh chun staidéar a dhéanamh sa choláiste Éireannach i mBordeaux a raibh an Cairdinéal François de Sourdis, Ardeaspag Bordeaux, tar éis é a bhunú. Bhain sé amach Dochtúireacht le Diagacht ann agus d'fhill ar Éirinn sa bhliain 1603. Rinneadh sagart paróiste de i gCnoc Rafann i gContae Thiobraid Árann, in aice leis an gCathair.
Bhain an Céitinneach leis na Sean-Ghaill, agus ghlac sé leis gur ag uaisle Caitliceacha na nGael agus na Sean-Ghall a bhí an t-údarás ceart in Éirinn. Ghlac sé leis na Stíobhartaigh toisc gur de shliocht leath-Ghaelach iad, tuairim a bhí coitianta i measc aos dána na tíre.
A shaothar
B'fhile é an Céitinneach, ach tríd an bprós is mó a tharraing sé clú air féin. Eisean a scríobh Foras Feasa ar Éirinn, saothar a chríochnaigh sé sa bhliain 1634. Is éard atá ann meascán saibhir de sheantraidisiún a bhaineann le stair, le bréagstair agus le finnscéalta na tíre, agus an t-iomlán scríofa go greanta ealaíonta. Ar nós a lán saothar Gaeilge eile scaipeadh é i bhfoirm lámhscríbhinne, agus b'fhada gur cuireadh i gcló é. Saothar nótálta eile dá chuid ba ea Trí Bhior-ghaoithe an Bháis.
Rinne sé iarracht an bhréagársaíocht a sheachaint agus stíl shoiléir shíodúil a shaothrú, cé go bhfuil lorg an léinn ar a shaothar. Ní dóichí rud ná gurb í soiléireacht úd a stíle a chuir na mílte á léamh le fonn.
Aithnítear an Céitinneach mar dhuine de na filí Gaeilge is fearr den 17ú haois. Deirtear go bhfuair sé scolaíocht sa seanléann agus tá a rian sin ar ghreantacht a cuid filíochta. Mar ba ghnách ag an am, bhain sé tairbhe as an dán díreach agus as foirmeacha níos scaoilte. Ar na dánta a luaitear leis tá Óm sceol ar ardmhagh Fáil agus A Bhean lán de Stuaim.
Tagairtí
- ↑ "A review of some placename material from Foras Feasa ar Éirinn", Diarmuid Ó Murchadha, Éigse, A Journal of Irish Studies, Vol. XXXV, lch 81. National University of Ireland, 2005.
Féach freisin
- Cunningham, Bernadette (2000). The World of Geoffrey Keating: history, myth and religion in seventeenth century Ireland. Baile Átha Cliath.
- Keating, Geoffrey. Foras Feasa ar Éirinn: the history of Ireland. D. Comyn and P.S. Dineen (eag.) 4 imleabhar. Cumann na Scríbhinn nGaedhilge, Londain 1902-14.
- Keating, Geoffrey. Trí bior-ghaoithe an bháis: The three shafts of death . Robert Atkinson (eag.), LL.D. Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, 1890.
- Geoffrey Keating Stories from Keating's History of Ireland edited, with introduction, notes, and vocabulary by Osborn Bergin. Royal Irish Academy (Baile Átha Cliath: 1981)
- Keating, Geoffrey. Dánta, Amhráin is Caointe (Poems, Songs and Elegies). Rev. John C. MacErlean, S.J. (eag.), The Gaelic League, Baile Átha Cliath 1900.
- Keating, Geoffrey. Eochairsciath an Aifrinn: An explanatory defence of the mass. Patrick O'Brien (eag.), Baile Átha Cliath: 1898.
Nasc seachtrach
- Coláiste na hOllscoile Corcaigh — Foras Feasa ar Éirinn, ag 'Foinsí na hÉireann'