An difríocht idir athruithe ar: "Michel Tremblay"
Guliolopez (plé | dréachtaí) m Wikify |
m robot Adding: en:Michel Tremblay |
||
Líne 7: | Líne 7: | ||
[[de:Michel Tremblay]] |
[[de:Michel Tremblay]] |
||
[[el:Μισέλ Τραμπλαί]] |
[[el:Μισέλ Τραμπλαί]] |
||
[[en:Michel Tremblay]] |
|||
[[eo:Michel Tremblay]] |
[[eo:Michel Tremblay]] |
||
[[fr:Michel Tremblay]] |
[[fr:Michel Tremblay]] |
Leagan ó 23:33, 1 Lúnasa 2006
Drámadóir agus úrscéalaí a rugadh i Montréal, Québec, Ceanada i 1942 is ea Michel Tremblay. Baineann a chuid saothair go dlúth le dúchas Québec agus baineann sé úsáid as béarlagar áitiúil, 'joual', teanga na sráide i Montréal. Ghnóthaigh sé aitheantas agus duaiseanna lena chéad dráma, Les Belles-Soeurs, faoi mhná den aicme oibre. Thug an t-údar dúshlán na hEaglaise agus na bunaíochta sa dráma agus thug a shaothar spreagadh do ghluaiseacht an neamhspleáchais i Québec. Aistríodh drámaí go mórán teangacha agus léiríodh ar fud an domhain iad.
Thosaigh Tremblay ag obair mar chlódóir nuair a bhí sé cúig bliana déag d'aois, agus chaith sé tamall de bhlianta leis an obair sin agus na drámaí luatha á scríobh aige. Foilsíodh a chéad úrscéal Contes pour buveurs i 1966. Is iomaí gradam agus duais atá buaite aige ó shin.