An difríocht idir athruithe ar: "Itriam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.7.1) (róbat ag mionathrú: sq:Itrium
m [r2.6.5] róbat ag mionathrú: sq:Itriumi
Líne 89: Líne 89:
[[sk:Ytrium]]
[[sk:Ytrium]]
[[sl:Itrij]]
[[sl:Itrij]]
[[sq:Itrium]]
[[sq:Itriumi]]
[[sr:Итријум]]
[[sr:Итријум]]
[[stq:Yttrium]]
[[stq:Yttrium]]

Leagan ó 16:04, 19 Feabhra 2011

Teimpléad:Dúil cheimiceach bosca eolais Is é an t-itriam dúil uimhir a 39 i dtábla peiriadach na ndúl. Is é an giorrúchán a sheasann dó ná Y, agus é 88.905859(2) g mol-1 ar mheáchan adamhach. Miotal trasdultach atá ann agus é geal miotalach ina chosúlacht, ar nós an airgid. Ó thaobh na ceimice de, tá sé sách cosúil leis na lantainídí, agus is gnách é a aicmiú mar mhiotal tearc-chré, in éineacht leis na lantainídí agus an scaindiam. Bíonn sé ar fáil sna mianraí céanna leis na miotail tearc-chré eile - mianraí a dtugtar tearcithreacha orthu. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aige, 89Y, agus sin é an t-aon iseatóp amháin atá ar fáil sa dúlra.

Fuair an t-itriam a ainm ó Ytterby, sráidbhaile beag sa tSualainn. Trí dhúil eile a bhfuil a n-ainmneacha bunaithe ar Ytterby is ea iad teirbiam, itéirbiam, agus eirbiam. Miotail tearc-chré iad go léir. Ba é an ceimiceoir Fionlannach Johan Gadolin a d'aithin an chéad uair gur dúil ar leith a bhí i gceist leis an itriam, sa bhliain 1794. Thit sé ar chrann an cheimiceora Ghearmánaigh Friedrich Wöhler an dúil nua a aonrú ina miotal glan, sa bhliain 1828.

Is é +3 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an itriam, cosúil lena lán miotail tearc-chré eile. Le fírinne, is ar éigean is féidir uimhreacha ocsaídiúcháin eile a aithint aige. Comhdhúile tipiciúla iad an trí-ocsaíd dé-itriam, Y2O3, an trífhluairíd itriam YF3, an tríchlóiríd itriam YCl3 agus an tríbhróimíd itriam YBr3. Amach ón bhfluairíd agus ón ocsaláit, bíonn na salainn itriam sothuaslagtha san uisce - an níotráit itriam Y(NO3)3, an tsulfáit itriam Y2(SO4)3, an trí-iaidíd itriam YI3 san áireamh.

Cé go dtugtar "miotal tearc-chré" ar an itriam, níl sé chomh tearc sa dúlra is a shílfeá: tá sé ar an 28ú dúil is coitianta i screamh an Domhain, agus é 400 oiread níos coitianta ná an t-airgead geal. Tá sé deacair itriam a dhealú ó na lantainídí, go háirithe na lantainídí troma, bíodh is go bhfuil sé i bhfad níos éadroime ná na lantainídí go léir. Is iad na mianraí is tábhachtaí mar fhoinse itriam ná an mhonaisít, an xéinitím, an tsamairscít agus an fheargasainít.

Is iomaí úsáid a bhaintear as an itriam: le dath dearg a chruthú sna teilifíseáin daite; i leictreoidí na spréachphlocóidí; agus i gcóimhiotail - le cupla sampla a lua.