An difríocht idir athruithe ar: "Cosslett Ó Cuinn"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 3: Líne 3:
File, diagaire, [[léirmheas]]tóir, scoláire bíobalta, agus ball den ghluaiseacht [[Éaciúméineachas|éiciúméineach]] a bhí ann. Ceapadh é ina [[ollamh]] le [[Gréigis]] an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961, agus thosaigh sé ag obair ar aistriúchán nua den Tiomna Nua i gcomhar le h[[Earnán de Siúnta]]. D'aistrigh sé Leabhar na Salm agus Leabhar Urnaí Eaglais na hÉireann go Gaeilge chomh maith. D'aistrigh sé [[Cúirt an Mheánoíche]] go Béarla chomh maith le roinnt dánta le [[Seán Ó Ríordáin]]. D'fhoilsigh [[Coiscéim]] dhá leabhar a d'asitrigh sé ón [[Spáinnis]]. Bhí sé ar dhuine díobh siúd a mhol [[Máirtín Ó Cadhain]] do phost léachtóra i gColáiste na Tríonóide.

{{síol}}
{{síol}}

[[Catagóir:Daoine as Contae Aontroma]]
[[Catagóir:Daoine as Contae Aontroma]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1907]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1907]]
[[Rang:Básanna i 1995]]
[[Catagóir:Básanna i 1995]]

[[en:Coslett Ó Cuinn]]
[[en:Coslett Ó Cuinn]]

Leagan ó 11:00, 18 Feabhra 2011

Sagart de chuid Eaglais na hÉireann ba ea Coslett Ó Cuinn (27 Feabhra 1907 - 6 Nollaig 1995), a rugadh i nDoire Achaidh, Contae Aontroma, Éire. Fuair sé a chuid oideachais i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste, agus d'fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Bronnadh céim sa Diagacht air i 1940 agus ghnóthaigh sé bonn óir sna Clasaicí. Chuir sé spéis sa Ghaeilge agus é ina mhac léinn agus rinne staidéar ar Ghaeilge Uladh. Ba mhinic a thug sé cuairt ar Ghabhla agus ar Dhoirí Beaga i dTír Chonaill. Chaith sé tamall ina dhéagánach i mBéal Feirste agus in Inis Eoghain. Bhailigh sé béaloideas i dToraigh agus in Árainn Mhór. Mar shéiplíneach cuireadh ag obair é in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann.

File, diagaire, léirmheastóir, scoláire bíobalta, agus ball den ghluaiseacht éiciúméineach a bhí ann. Ceapadh é ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961, agus thosaigh sé ag obair ar aistriúchán nua den Tiomna Nua i gcomhar le hEarnán de Siúnta. D'aistrigh sé Leabhar na Salm agus Leabhar Urnaí Eaglais na hÉireann go Gaeilge chomh maith. D'aistrigh sé Cúirt an Mheánoíche go Béarla chomh maith le roinnt dánta le Seán Ó Ríordáin. D'fhoilsigh Coiscéim dhá leabhar a d'asitrigh sé ón Spáinnis. Bhí sé ar dhuine díobh siúd a mhol Máirtín Ó Cadhain do phost léachtóra i gColáiste na Tríonóide.