An difríocht idir athruithe ar: "An Cheathrú Rua"

Jump to navigation Jump to search
m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (r2.7.1) (róbat ag suimiú: eu:Carraroe)
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
Sráidbhaile mór is ea '''An Cheathrú Rua''' (''Carraroe'' as [[Béarla]] go traidisiúnta) atá suite i g[[Contae na Gaillimhe]], [[Éire]]. Tá sí i lár [[Gaeltacht|Ghaeltacht]] [[Conamara|Chonamara]]. Tá tarraingt ar an gCeathrú Rua mar cheantar turasóireachta le fada an lá. Tá clú agus cáil ar [[Húicéirí na Gaillimhe]] (Púcáin) agus ar Thrá an Doilín. Tagann formhór na dturasóirí chuig an gceantar chun iad a fheiceáil agus [[Gaeilge]] a fhoghlaim. Tagann go leor eile chun blaiseadh den chultúr agus den traidisiún láidir atá ar fud na háite. I rith an tsamhraidh cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Is ar an gCeathrú Rua atá [[Coláiste Chiaráin]] suite, agus na mílte scoláire óga ag teacht ansin gach uile bhliain chun freastal ar na cúrsaí Gaeilge. Bíonn geallta báid agus [[Iomradh|rásaí curach]] ar an mbaile freisin.
 
== Gaeilge ==
[[Íomhá:An_Cheathrú_Rua.jpg|thumb|left|Siopa sa Cheathrú Rua, 13 Samhain 2004]]
Is í an Ghaeilge (Canúint [[Chonnachta]] go sainiúil) príomhtheanga labhartha na Ceathrún Rua, agus tá sí ar na háiteanna is láidre Gaeilge i nGaeltacht Chonnacht agus in Éirinn na laethanta seo. Tá thart ar 3,400 duine ina gcónaí sa [[sráidbhaile]] agus labhraíonn thart ar 85% acu Gaeilge go laethúil, de réir fhigiúirí [[Scéim Labhairt na Gaeilge]].
 
== An sráidbhaile ==
Tá an ceantar méadaithe go mór le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an mbaile. Cúpla bliain ó shin ní raibh sa mbaile ach cúpla siopa, tithe ósta agus eastát tionsclaíochta amháin, tá go leor tógáil á déanamh san cheantar le gairid, tá páipéar nuachta náisiúnta ''Foinse'' bunaithe anseo anois chomh maith le foirgnimh de chuid ollscoil na Gaillimhe. Tá go leoir tithíochta príomháidí agus eastáit tithíochta tógtha sa mbaile le cúpla bliain anuas chomh maith le go leor tionscnamh eile atá á dtógáil faoi láthair.
 
== Áras Mháirtín Uí Chadhain ==
Tá [[Áras Mháirtín Uí Chadhain]], foirgneamh de chuid [[Ollscoil na hÉireann, Gaillimh]], ina reachtáltar cúrsaí teanga, ríomhaireachta srl., lonnaithe ar an gCeathrú Rua.
[[Íomhá:AnCheathruRua.jpg|mion|clé|Radharc sa Cheathrú Rua]]
20,103

edits

Roghchlár nascleanúna