An difríocht idir athruithe ar: "An Pheirsis"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
EmausBot (plé | dréachtaí)
m r2.6.4) (róbat ag suimiú: rue:Перьскый язык
m róbat ag suimiú: jv:Basa Parsi
Líne 73: Líne 73:
[[it:Lingua persiana]]
[[it:Lingua persiana]]
[[ja:ペルシア語]]
[[ja:ペルシア語]]
[[jv:Basa Parsi]]
[[ka:სპარსული ენა]]
[[ka:სპარსული ენა]]
[[ko:페르시아어]]
[[ko:페르시아어]]

Leagan ó 13:13, 3 Feabhra 2011

Teimpléad:Teanga

Is í an Pheirsis an ceann is tábhachtaí de na teangacha Iaránacha, a bhaineann leis an gcrann ginealais Ind-Eorpach. Teanga oifigiúil is ea í an Pheirsis san Iaráin, áit a dtugtar fársí uirthi, agus san Afganastáin, áit a dtugtar darí uirthi. I dtréimhse na hImpireachta Mogalaí, bhí an Pheirsis ina teanga oifigiúil san India féin, agus fanann cuid mhaith daoine á foghlaim mar theanga iasachta san India agus sa Phacastáin sa lá atá inniu ann. Tá teangacha nua-aimseartha na dtíortha seo breac le hiasachtaí Peirsise freisin.

Inniu, tá an Pheirsis ó dhúchas ag 61 mhilliún duine, agus oiread eile in ann í a labhairt mar theanga choimhthíoch. Cé gurb í an Phaistis an teanga náisiúnta san Afganastáin, is í an Pheirsis is mó a labhraítear ansin mar fhrancbhéarla i gcumarsáid idir na treibheacha éagsúla, agus tá an Pheirsis níos tábhachtaí mar theanga liteartha agus chultúrtha, ós rud é nach bhfuil mórán saothrú ná caighdeánú déanta ar an bPaistis.

An Pheirsis
Vicipéid le fáil as An Pheirsis freisin