An difríocht idir athruithe ar: "Ioslam"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m r2.5.2) (róbat ag suimiú: av:Ислам
m róbat ag suimiú: rw:Islam
Líne 180: Líne 180:
[[roa-rup:Islam]]
[[roa-rup:Islam]]
[[ru:Ислам]]
[[ru:Ислам]]
[[rw:Islam]]
[[sa:इस्लाम]]
[[sa:इस्लाम]]
[[sah:Ислам]]
[[sah:Ислам]]

Leagan ó 11:52, 24 Eanáir 2011

Is é an tIoslam an dara reiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair (anois tá níos mó daoine ioslaimeach ná caitleacach ). Tugtar Muslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiún aondiach é an tIoslam, is é sin, creideann na Muslamaigh nach bhfuil ann ach an t-aon Dia amháin, agus gur nocht Sé A theachtaireacht naofa tríd na fáithe, arbh é Mohammad an duine deireanach acu. Is é an Córan (nó an Qur'án) leabhar naofa an Ioslaim. Tá áit an-lárnach ag an gCóran san Ioslam, ó chreideann an Muslamach fíréanta gur teachtaireacht atá ann a tháinig díreach ó Dhia. Mar sin, ní féidir an Córan a chur i gcomparáid leis an mBíobla: is fearr a rá go bhfuil an áit chéanna aige san Ioslam agus atá ag Íosa sa Chríostaíocht. Is í Meice san Araib Shádach an áit naofa is tábhachtaí do na Muslamaigh, agus déanann gach Muslamach a dhicheall le turas oilithreachta a thabhairt ar an áit, aon uair amháin ina shaol ar a laghad.

Mosc na Carraige, áit naofa de chuid na Muslamach in Iarúsailéim

Foinse an Ainm

Focal Araibise é al-islam(الإسلام). Is é is bunús leis an bhfocal seo ná an fhréamh thríchonsanach slm a chiallaíonn "géilleadh", is é sin, go ngéilleann an duine é féin do Dhia go suaimhneach, gan dul chun diúnais Air. Is é an Muslamach, nó muslim, an duine a chleachtann an cineál seo géillte - an "géillteoir". Mar sin tá dhá bhrí ag ceachtar den dá fhocal seo: ciallaíonn siad an creideamh Ioslamach atá bunaithe ar an teachtaireacht a nochtadh do Mhuhammad, agus an duine a leanann an creideamh sin. Ach ciallaíonn siad fosta an géilleadh do Dhia, an t-adhradh agus an urraim is cuí a thabhairt Dó agus Dá chuid orduithe. Na fáithe a tháinig roimh Mhuhammad, ar nós Íosa agus na bhfáithe Giúdacha, áirítear mar Mhuslamaigh iad freisin, ó ghéill siad do Dhia. Sa chiall leathan, is Muslamaigh iad na hainmhithe agus na plandaí, ó tá an cineál saoil acu a d'ordaigh Dia dóibh.

Ailt Bhunúsacha Chreidimh an Ioslaim

Nocht Dia (Araibis: Allah) A theachtaireacht naofa tríd na fáithe, ar a n-áirítear, Ádhamh, Abrahám, Naoi, Maoise, Íosa agus Muhammad. Cuireadh an teachtaireacht seo go díreach isteach sa Chóran, agus mar sin is leabhar iomlán gan bhotún é; de réir an Ioslaim cheartchreidmhigh, is é an Córan friotal Dé a bhí ann roimh an gcruthú féin. Is é an tuairim choitianta i measc na Muslamach gur thruailligh na daoine an teachtaireacht sa Bhíobla Chríostaí agus i dTóra na nGiúdach, agus mar sin, gur nochtadh an Córan mar theachtaireacht nua iomlán lánchuimsitheach.

Sé Alt an Chreidimh

Tá an tIoslam bunaithe ar sé alt creidimh:

  1. Creideamh i nDia, an t-Aonarán Uasal amháin (an t-aondiachas nó tawhid)
  2. Creideamh sna fáithe (nabi) agus sna teachtairí (rusul)
  3. Creideamh sna Leabhair (kutub) ó Dhia
  4. Creideamh sna haingil (mala'ika)
  5. Creideamh i Lá an Bhreithiúnais (qiyama) agus san Aiséirí
  6. Creideamh sa chinniúnt (qadar)

Cúig Chuaille an Ioslaim

Cuireann an tIoslam an-bhéim ar dheasghnátha agus ar chleachtais. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil an ceartchreidmheachas nó an t-ortadocsachas chomh tábhachtach leis an gceartchleachtaíocht nó an t-ortalatrachas san Ioslam. Tugtar cúig chuaille an Ioslaim ar an gcúig chleachtas ceart a gcaithfidh an Muslamach cloí leo ina shaol:

  1. Cré an Ioslaim (shahada): Níl de dhia ach Dia, agus is é Muhammad A theachtaire.
  2. Na hurnaithe laethúla (salah): caithfidh gach Muslamach a urnaithe a dhéanamh de réir scéim righin.
  3. An déirc (zakat): caithfidh gach Muslamach déirc a íoc leis na bochta is na nochta.
  4. An troscadh (sawm) le linn na míosa úd ramadan i bhféilire an Ioslaim.
  5. An oilithreacht go Meice (hajj).

Seicteanna

Tá cuid mhaith seicteanna difriúla san Ioslam. Is é an Sunnachas an tseict is mó; fórmhór Mhuslamaigh an domhain, is Sunnaigh iad. Is é an Sítheachas an dara leagan is mó den Ioslam, agus é féin deighilte ina sheicteanna éagsúla. Bunús na scoilte, eascraíonn sé as ceart comharbachta an Fháidh Muhammad; de réir na Sítheach, ba chóir ball de theaghlach Muhammad a theacht mar chomharba air. San idirlinn, d'fhorbair difríochtaí suntasacha sna deasghnáthaí idir an Sunnachas agus an Sítheachas freisin, ach aontaíonn an dá dhream ar phríomhcheisteanna an chreidimh. Tá lucht leanúna an tSítheachais ina bhformhór i measc Mhuslamaigh na Liobáine, na hIaráice, na hIaráine, agus Bahrain; agus tá mionlaigh thábhachtacha Shítheacha sa Phacastáin, in Éimin agus sa tSiria freisin; sna tíortha eile, is iad na Sunnaigh an dream is líonmhaire sa chuid eile den domhan Ioslamach.

Naisc Sheachtracha

Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR Teimpléad:Nasc AR