An difríocht idir athruithe ar: "Achtúire"

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
m róbat ag suimiú: el:Αναλογιστική
m róbat ag mionathrú: es:Actuaría
Líne 39: Líne 39:
[[en:Actuary]]
[[en:Actuary]]
[[eo:Aktuario]]
[[eo:Aktuario]]
[[es:Actuario]]
[[es:Actuaría]]
[[fi:Aktuaari]]
[[fi:Aktuaari]]
[[fr:Actuaire]]
[[fr:Actuaire]]

Leagan ó 10:15, 20 Eanáir 2011

Is gairm é an t-achtúire a dhéanann scrúdú ar an tionchar atá ag rioscaí agus ag neamhchinnteachtaí ar chúrsaí airgid. Úsáidtear mata casta chun samhail a dhéanamh ar rioscaí éagsúla.

Chun cáil a bhaint amach mar achtúire, caithtear ardchaighdeáin a bheith ag iarrthóirí sa mhata.[1] Bíonn ar daltaí 9 scrúdú croí-theicniúla (CT) a dhéanamh chomh maith le 3 scrúdú croí-feidhmiúcháin (CA "Core Applicational"), 2 scrúdú speisialtóir teicniúla (ST) ar a laghad agus scrúdú feidhmicháin speisialtóra (SA "Specialist Applications") amháin [2]. Bíonn siad ar siúl faoi dhó gach bliain, agus is é Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath suíomh na scrúduithe in Éirinn.

Cineál Disciplín

Bíonn achtúire ag obair in árachas (gach saghas), infheistíocht, airgeadas, pinsin agus blianacht. Tá poist le fáil d'achtúirí san oideachas freisin dá mbeidís cáilithe.

Sna disciplíní thuas, bíonn ar achtúirí déileáil le raon leathan ábhar ó ghnáthárachas (mar shampla don duine, teach nó carr) go árachas neamhghnách (mar shampla sceimhlitheoireacht nó tubaistí nádúrtha). Chomh maith leis sin, feictear achtúirí sna cúirteanna chun fianaise shaineolach a chur ós chóir na gcúirteanna.

Staidéar Achtúire in Éireann

Cé gur féidir na scrúdaithe achtúire a tógáil díreach, tá cúpla céim achtúire le fáil. Is féidir díolúine ó na scrúdaithe proifisiúnta a fháil ó na coláistí seo a leanas[3]: Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is féidir díolúine a fháil ó na céad 8 ábhar 'CT', agus an ábhar CA1 agus tú ag staidéar i CÓBÁC, tá líon difriúil le fáil i gach coláiste eile, ach líon níos luaithe.

Tá iarchéim ar fáil ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath freisin áfach chun díolúine a fháil ó na h-ábhar CA1 agus CA3[4]

Tíortha eile

Tá neart cumann achtúire éagsúil timpeall an domhain. Is poist mór é seo ar fud na cruinne. Tá an "Society of Actuaries" sna Stáit Aontaithe [5], an "Actuarial Society of India" san Índ, an "Actuarial Society of South Africa" san Aifric Theas, agus neart cinn eile. Tá an struchtúir cosúil leis an ceann in Éirinn nó san Ríocht Aontaithe, ach ag an am céanna difriúil. Go forleathan, tá na scrúduithe bunaithe ar cinn anseo, agus sna Stáit Aontaithe.

Tá a thuilleadh eolais ar suíomh Achtúire na tíre éagsúil.

Nasc

Tagairtí

  1. http://web.actuaries.ie/Careers_Education/HowtobecomeanActuary/HowActuary.htm
  2. http://www.actuaries.org.uk/students/exam_subjects
  3. http://www.actuaries.org.uk/students/tuition/courses
  4. http://www.dcu.ie/maths/index.shtml
  5. http://www.soa.org/