An difríocht idir athruithe ar: "An Cheatsuais"
m r2.7.1) (róbat ag suimiú: fa:کچوآ |
m róbat ag mionathrú: ar:كتشوا |
||
Líne 26: | Líne 26: | ||
[[af:Quechua]] |
[[af:Quechua]] |
||
[[am:ቀቿ]] |
[[am:ቀቿ]] |
||
[[ar: |
[[ar:كتشوا]] |
||
[[ast:Quechua]] |
[[ast:Quechua]] |
||
[[ay:Qhichwa aru]] |
[[ay:Qhichwa aru]] |
Leagan ó 23:59, 19 Eanáir 2011
Is í an Cheatsuais (Quechua nó Runa Simi) an teanga bhundúchasach is tábhachtaí sa chuid de Mheiriceá Theas a bhain le ríocht na nInceach roimh theacht na gConquistadores. Le fírinne, is ar éigean is féidir a rá gur aon teanga amháin atá ann, agus is gnách le teangeolaithe an lae inniu a rá gur fine teangacha atá ann agus go bhfuil seacht dteanga éagsúla ann ar a laghad.
Is ar éigean is féidir a rá go bhfuil teangacha gaolmhara ann nach n-aicmítear mar "Cheatsuais" cheana féin. Ar feadh i bhfad, shíl na teangeolaithe go raibh a leithéid d'fhine teangacha ann agus na teangacha "Ceatsumaracha", agus iad den bharúil go raibh an Cheatsuais agus an teanga Aymará - an dara teanga is tábhachtaí i Ríocht na nInceach - gaolmhar le chéile. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: fuair an dá theanga seo a lán focal ar iasacht ó chéile i rith na gcéadta bliain, ach ní chreidtear a thuilleadh go bhfuil siad gaolmhar le chéile ar aon nós. Scéal eile fós: an cineál Ceatsuaise agus an cineál Aymará ba túisce a d'fhoghlaim na Spáinnigh ba iad na canúintí ba mhó a d'imir tionchar ar a chéile, ó ba iad na canúintí a bhí á labhairt i ríocht na nInceach. Nuair a tháinig na saineolaithe trasna ar chanúintí imeallacha an dá theanga, thuig siad nach raibh gaol ag an dá theanga sin le chéile ó thús, agus gurb í an chomharsanacht ba chúis leis na cosúlachtaí.
Tá Ceatsuais de chineál éigin ag deich milliún duine i Meiriceá Theas. Is í Peiriú an tír is mó Ceatsuaise, ach tá canúintí nó teangacha den chineál seo á labhairt in Eacuadór, sa Bholaiv, sa Cholóim, san Argaintín agus sa tSile féin.
Teanga í an Cheatsuais atá bunaithe ar an táthú - is é sin, is féidir focail agus foirmeacha nua a chruthú trí iarmhíreanna a chur leis na focail. Tá gramadach na Ceatsuaise iontach rialta, iontach saor ó eisceachtaí.
Deighilt na gCanúintí/na dTeangacha
Níl na teangeolaithe go léir sásta le haicmiú traidisiúnta na gcanúintí Ceatsuaise a thuilleadh, ach is dócha gur treoir éigin atá ann mar sin féin. Seo iad na príomhchanúintí nó na "teangacha":
- an Cheatsuais Láir, nó Quechua-B, nó Quechua I, nó an teanga Waywash. Labhraítear na canúintí seo sna sléibhte i Lár-Pheiriú agus ar an gcósta.
Na príomhchanúintí eile, is gnách "an Cheatsuais Imeallach" a thabhairt orthu, nó Quechua-A, nó Quechua II:
- Quechua II A, nó Ceatsuais Yunkay. Labhraítear i sléibhte Thuaisceart Pheiriú í. Is í canúint Cajamarca an leagan is tábhachtaí den chineál seo Ceatsuaise.
- Quechua II B, nó Ceatsuais an Tuaiscirt. Labhraítear in Eacuadór, i dTuaisceart Pheiriú agus i nDeisceart na Colóime (i réigiún Putumayo) í. An leagan den teanga a labhraítear sa Cholóim, tugtar Inga air, is é sin, teanga na nInceach.
- Quechua II C, nó Ceatsuais an Deiscirt. Tá teanga chaighdeánach ag an gcanúint seo. Labhraítear an cineál seo Ceatsuaise i bPeiriú (Ayacucho agus Cuzco), sa Bholaiv, sa tSile, agus san Argaintín.